Aschur 3 – An Cúrsa Ar Líne maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir (DSC)

O3 – An Cúrsa Ar Líne maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir (DSC)

Déanfar an clár oiliúna dar teideal Scileanna Digiteacha i Leith Cultúir a fhorbairt mar chúrsa ar líne lena ngabhann uirlisí comhtháite MOOC agus OER, acmhainní agus réitigh, agus iad aistrithe go dtí theangacha na gcomhpháirtithe go léir, agus é deartha go sonrach d’aosaigh a bhfuil leibhéil ísle scileanna digiteacha acu. Beidh an tAschur seo bunaithe ar na torthaí ó O1, agus iad curtha i bhfeidhm sa VLH ó O2. Soláthróidh sé an t-eolas chun na dintiúir ó O4 a chomhtháthú agus beidh idirspleáchas ann idir é féin agus an chéim phíolótach in O5. Bailíochtófar é trí mheasúnú O6. Is é sin croí-aschur an tionscadail.

Tá an Cúrsa maidir le Scileanna Digiteacha i Leith Cultúir deartha ar bhonn Chreat 7C Conole maidir le Dearadh Foghlama, agus úsáid á baint as modhanna nuálacha amhail Canbhás Deartha MOOC (Alario-Hoyos, 2014), “Learning through Design” (Bartoletti, 2016). I measc na bprionsabal a bheidh ann áireofar “sMOOC Step by Step”, ach, ina theannta sin, cuirfear caighdeáin cháilíochta san áireamh (Ráitis Tagarmhairc ó Ábhair Dheimhnithe Cáilíochta agus an creat maidir le Comhoibriú Eorpach maidir le Beartas i Leith Foghlaim Aosach agus maidir le Dearbhú Cáilíochta sa réimse Oideachais Neamhfhoirmiúil (tuarascáil Epale, 2016) agus rialacháin náisiúnta maidir le hoideachas aosach) - mar Chúrsa Oscailte Ollmhór Ar Líne-MOOC saor in aisce, agus é bunaithe ar Acmhainní Oscailte Oideachais (OER).

Cuirfidh an cúrsa cur chuige nuálach chun cinn ina n-áireofar roinnt modhanna i leith dearadh foghlama, ar modhanna iad a mbeidh eolas ag na comhpháirtithe ollscoile go léir orthu ar dreamanna iad uile a bhfuil taithí acu ar dhearadh cúrsaí ar líne, ar fhorbairt MOOC-anna agus ar thacaíocht a thabhairt le haghaidh foghlaim chumaisc. Táimid ag ceapadh go mbeidh tionchar ag an gcúrsa seo ar fhoghlaimeoirí ar leibhéil éagsúla - chomh maith le feabhas a chur ar a gcuid scileanna digiteacha, tabharfaidh sé buneolas d’fhoghlaimeoirí aosacha maidir le foghlaim féinrialáilte trí athmhachnamh a dhéanamh ar an bpróiseas measúnachta. Trí scáfláil a dhéanamh ar a bhforbairt ina dhiaidh seo, méadófar an ráta ratha freisin do ghníomhaithe cultúir ó aicmí leochaileacha socheacnamaíochta (a bheidh in ann rochtain níos fearr a fháil ar shaineolas).

Déanfaidh an mheitheal dearthóireachta, ina gcuimsítear comhpháirtithe tionscadail, spreagadh a thabhairt i leith scrúdú a dhéanamh ar mhúnlaí éagsúla múinteoireachta agus foghlama agus bainfidh siad úsáid as uirlisí digiteacha chun eispéireas foghlama oiriúnaithe pearsantaithe a chruthú d’aosaigh, agus tacaíocht á tabhairt d’fhoghlaim agus do mhachnamh líonraithe.

Déanfar na prionsabail nua a chur i bhfeidhm i gcúrsaí Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) atá ceaptha le haghaidh réimse an oideachais leantaigh agus áireoidh siad an méid seo a leanas: ábhair nua cúrsa ina n-úsáidfear téarmaíocht shimplí, samplaí ilmheán, gníomhaíochtaí idirghníomhacha ar líne, cleachtaí fíorshaoil fadhb-bhunaithe, ríomh-phunnanna a thiomsú, ríomh-mheasúnacht agus measúnacht ó phiara go piara, agus machnamh i mblaganna ach, chomh maith leis sin, bainfear úsáid as OER-anna atá ann cheana féin agus as samplaí a sholáthraíonn na comhpháirtithe in institiúidí cultúir nó na comhpháirtithe comhlachaithe atá páirteach sa tionscadal. Spreagfaidh an cúrsa foghlaim chomhoibríoch trí fhóraim dhíospóireachta, vicithe agus gníomhaíochtaí oibre foirne a chur ar fáil, ar nithe iad sin a fhorbrófar sa chéim phíolótach maidir le foghlaim chumaisc. Déanfaidh an MOOC treochlár soiléir i leith an chúrsa a sholáthar do na foghlaimeoirí agus beidh clocha míle agus “nithe nach mór iad a dhéanamh” ann mar aon le sceideal tascanna agus spriocamanna. Méadóidh sé sin an mothúchán i measc na bhfoghlaimeoirí gur rannpháirtithe gníomhacha sa chúrsa iad, feabhsóidh sé a rannpháirteachas d’fhonn luathfhágáil a sheachaint agus cumhachtóidh sé do na foghlaimeoirí teacht chun bheith ina bhfoghlaimeoirí neamhspleácha.

Beidh an cúrsa MOOC comhtháthaithe go hiomlán sa Mhol d’Fhoghlaim Fhíorúil agus beidh comhchuid ar líne UniCampus agus gnéithe so-rochtana ann san aip shoghluaiste.

Le linn O3 a chur i gcrích, beidh roinnt céimeanna éagsúla ann:

1. spriocanna an chúrsa a mhínscagadh, an coincheap agus na curaclaim do Chúrsa iomlán maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir a dhearadh, agus gníomhaíochtaí ilchineálacha a bheith ann chun scileanna digiteacha a chothú,

2. gach modúl den chúrsa a shainiú agus a dhearadh,

3 ábhar gach uile mhodúl den chúrsa a dhearadh agus a fhorbairt trí úsáid a bhaint as ábhair nua agus as ábhair atá ann cheana féin agus trí OER-anna nua a ullmhú,

4 modhanna agus uirlisí measúnaithe agus measúnachta a fhorbairt (in éineacht le O4),

5 na hábhair chúrsa a oiriúnú ó Bhéarla go teangacha náisiúnta,

6 an cúrsa a mhínscagadh tar éis chéim 1 den MOOC.

Ag gach céim forbartha ar leith, bainfear úsáid as rannchuidiú shaineolaithe cultúir agus oidhreachta na gcomhpháirtithe agus na gcomhpháirtithe comhlachaithe chun measúnacht a dhéanamh ar bhailíocht agus ar cháilíocht na n-ábhar atá á moladh.

Le go n-éireoidh le cúrsaí is gá pleanáil chúramach agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh. Tá sé tábhachtach straitéisí rathúla a shainiú agus aiseolas a fháil ó fhoghlaimeoirí a ghlacann páirt sa chúrsa. Is próiseas leanúnach é pleanáil cúrsa agus tá dlúthbhaint ag na céimeanna go léir thuas leis agus déanfar athbhreithniú leanúnach air le linn na ngníomhaíochtaí píolótacha.

Nuair a chríochnófar tástáil na gcúrsaí píolótacha déanfar athbhreithniú orthu agus déanfar na hacmhainní agus an mhodheolaíocht a bhaineann leo a athdhearadh san fhormáid MOOC. Déanfar an Cúrsa deiridh maidir le Scileanna i leith Cultúir a chur ar fáil saor in aisce lena úsáid agus cuirfear gach OER a fhorbrófar ar fáil do mhórthaisclanna OER ar an idirlíon. Ós rud é go mbeidh faisnéis nua thábhachtach ann sa chúrsa, is é sin, faisnéis a bhaineann le húsáid TFC i réimsí éagsúla, beidh sí inaistrithe chuig earnálacha eile ina bhfuil géarghá le scileanna digiteacha, ach ina bhfuil leibhéal íseal scileanna ann faoi láthair, amhail turasóireacht. Ó tharla gur cúrsa ar líne é, beidh aon aosach in ann dul i gceangal leis agus na scileanna inmhianaithe a fháil.

An Cineál Aschuir: Oideachas oscailte/ar líne/digiteach - Cúrsa Oscailte Ollmhór Ar Líne (MOOC)

O3.1 Curaclaim an Chúrsa maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

Chun curaclam bailí a ullmhú déanfaidh na comhpháirtithe spriocanna an chúrsa a mhínscagadh chun é a oiriúnú do na meáin dhigiteacha nuálacha is déanaí agus do riachtanais na hearnála cultúir agus chun an coincheap agus na curaclaim le haghaidh an Chúrsa maidir le Scileanna i leith Cultúir a dhearadh mar chúrsa aontaithe. Beidh ábhar an Chúrsa bunaithe ar na cúig réimse de scileanna digiteacha agus ar an 21 inniúlacht a shainítear in DigCom2.0. Déanfar gach modúl cúrsa a phleanáil chun freagairt d’inniúlacht amháin nó níos mó agus chun tras-inniúlachta na cumarsáide agus an chomhoibrithe a chlúdach.

Ar bhonn an anailís láithreach ar an spriocghrúpa a rinne na comhpháirtithe, seo a leanas na modúl atá beartaithe:

  1. An tIdirlíon, an Gréasán Domhanda agus buneolas faoin domhan digiteach
  2. Ábhar digiteach (lena n-áirítear vicithe)
  3. Cóipcheart agus Ceadúnais Oscailte
  4. Coimeádaíocht Dhigiteach - Leabharlanna Digiteacha agus Músaeim Dhigiteacha
  5. Daonnachtaí Dhigiteach
  6. Scéalaíocht dhigiteach
  7. Lucht féachana digiteach, Anailísíocht dhigiteach (Google, Facebook, Twitter, SEO (Optamú Inneall Cuardaigh))
  8. Meáin shóisialta i leith Cultúir
  9. Réaltacht Bhreisithe agus Fhíorúil
  10. Aipeanna soghluaiste agus meáin shoghluaiste
  11. Bainistíocht dhigiteach agus cumarsáid i réimse an chultúir
  12. Cur i láthair digiteach
  13. Uirlisí meán digiteach ar líne agus soghluaiste (clos-amharc)

Seo a leanas na clocha míle (féach an amlíne atá i gceangal leis seo):

O3.1. O3.1 Curaclaim maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

I gceannas: UPT

Rannpháirtithe: gach dream

O3.2 Siollabas maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

Ar bhonn na gcuraclam comhaontaithe a phléifear leis na geallsealbhóirí cultúir, déanfaidh na comhpháirtithe siollabas na modúl uile de chuid an chúrsa a fhorbairt ar bhealach níos mionsonraithe chun a chinntiú nach mbíonn aon fhorluí ann maidir leis na modúil agus go gclúdaíonn an cúrsa ina iomláine na réimsí tábhachtacha go léir atá ag teastáil chun scileanna digiteacha a thiomsú don earnáil chultúir agus oidhreachta. Déanfar siollabais na modúl a mheasúnú i measc líon níos mó geallsealbhóirí cultúir le tacaíocht ó na cumainn chultúir a bheidh páirteach i bhfócasghrúpaí a bheidh le reáchtáil i ngach tír ar leith.

I gceannas: UPT

Rannpháirtithe: gach dream

O3.3 Modúil maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

Forbróidh gach ollscoil 1-3 mhodúil ar bhonn a dtaithí agus a n-oilteachta. Déanfar an t-ábhar a mheasúnú ar bhonn leanúnach le tacaíocht ó gheallsealbhóirí cultúir agus oidhreachta na gcomhpháirtithe agus na gcomhpháirtithe comhlachaithe.

Tuigfear as an bhforbairt go mbeidh dhá chéim i gceist léi; déanfar an chéad cheann a mheasúnú ar bhonn na n-úsáideoirí iarbhír a bheidh ann i rith an chéad MOOC phíolótaigh agus, tar éis mínscagadh a dhéanamh, déanfar an dara ceann a oibriú ar bhonn píolótach ar líne agus trí bhíthin foghlaim chumaisc. Cuimseoidh an méid seo a leanas i ngach modúl: ábhair chúrsa nua ina n-úsáidfear téarmaíocht atá oiriúnaithe d’aosaigh ag a bhfuil leibhéil ísle scileanna digiteacha, samplaí ilmheán, gníomhaíochtaí idirghníomhacha ar líne, cleachtaí fíorshaoil fadhb-bhunaithe, fóraim dhíospóireachta, vicithe agus gníomhaíochtaí oibre foirne, ríomh-phunanna, ríomh-mheasúnacht agus measúnacht ó phiara go piara, blaganna, agus OER-anna agus samplaí atá ann cheana féin. Tar éis na chéad forbartha, déanfar gach modúl cúrsa a aistriú go dtí teangacha na gcomhpháirtithe go léir.

Seo a leanas na clocha míle (féach an amlíne atá i gceangal leis seo):

O3.3.1. 13 Mhodúl Chúrsa in EN

O3.3.2. 13 Mhodúl Cúrsa in RO, DE, IT, LT, DK, GA

O3.3.3. Mapa Foghlaimeora don Chúrsa maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

I gceannas: UPT

Rannpháirtithe: gach dream

O3.4 OER-anna maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

Tar éis an fhorbairt agus an measúnú a chur i gcrích, déanfaidh na comhpháirtithe na déantáin ilmheáin a bheith ullmhaithe agus aistrithe go dtí teangacha uile na gcomhpháirtithe a chur ar bun mar OER-anna agus cuirfear ar fáil iad san Fhardal maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir agus liostófar iad i dtaisclann OER-anna sa mhargadh. Tá sé beartaithe againn 40 OER nuálacha ar a laghad a fhorbairt.

I gceannas: UPT

Rannpháirtithe: UNIROMATRE, AAU, DCU, UniGraz, NADE

O3.5 MOOC-anna maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

Déanfar an cúrsa iomlán maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir a phíolótú ina dhá chéim agus úsáid á baint as dhá mhodh múinteoireachta, rud a chumasóidh dúinn measúnú agus bailíochtú a dhéanamh i dtaobh cén ceann is oiriúnaí chun scileanna nua digiteacha a ghnóthú sa réimse oideachais aosaigh atá tiomnaithe do leibhéal íseal scileanna digiteacha. Sa deireadh, beidh an cúrsa ar fáil mar MOOC ar ardán UniCampus.eu UPT agus déanfar gach leagan teanga a chomhtháthú isteach in ardáin MOOC na n-ollscoileanna féin (sa Ostair, in imoox.at, in Éirinn, in Academy, sa Danmhairg, in VBN, sa Liotuáin, in open.ktu) lena chinntiú go leanfar den chúrsa a chur ar fáil do gheallsealbhóirí eile tar éis an tionscadal a chríochnú. Cúrsa féinchothaitheach a bheidh i gceist le cúrsa MOOC agus beidh mapa soiléir treorach agus cur i bhfeidhm ar fáil ina leith.

I gceannas: UPT

Rannpháirtithe: UNIROMATRE, AAU, DCU, UniGraz, NADE

Torthaí gan choinne: Modúil chúrsa, OER-anna, MOOC.

FÁG FREAGRA

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Tá na réimsí éigeantacha marcáilte le *.

Úsáidtear Akismet ar an suíomh seo chun turscar a laghdú. Faigh amach faoin tslí ina bpróiseáiltear do thuairim.