Aschur4 -Ríomh-Mheasúnacht Scileanna Digiteacha agus Suaitheantais Dhigiteacha Oscailte le haghaidh Oideachas Aosach

Aschur 4 – Ríomh-Mheasúnacht Scileanna Digiteacha agus Suaitheantais Dhigiteacha Oscailte le haghaidh Oideachas Aosach

Go dtí seo, níl aon uirlis dhigiteach oifigiúil ann le haghaidh féinmheasúnachta i leith Scileanna Digiteacha, seachas forbairt amháin a rinneadh sa Spáinn sa bhliain 2014 mar Uirlis Féindiagnóise saor in aisce ar líne chun tástáil a dhéanamh ar leibhéal inniúlachta digití duine ar bhonn chreat DigComp. Faoi láthair tá sé beartaithe ag an AE uirlis den tsamhail chéanna a chur i bhfeidhm (Mol Eolaíochta an AE, 2017). Níl sé beartaithe againn forbairt iomlán a dhéanamh ar uirlis féinmheasúnachta ós rud é go mbeadh sé sin lasmuigh de scóip an tionscadail ach tá sé beartaithe againn cur chuige feabhsaithe a bheith againn ina n-áireofar modhanna éagsúla measúnachta le haghaidh scileanna digiteacha agus ina soláthrófar deiseanna measúnachta dár spriocghrúpaí cultúir.

Tiocfaidh an tAschur Intleachtúil (IO) seo faoi thionchar na dtreoirlínte a fhorbrófar in O1 agus, chomh maith leis sin, faoi thionchar na gcritéar maidir le deimhniú cáilíochta a shaineofar in O6 agus a chomhtháthófar sa Mhol d’Fhoghlaim Fhíorúil de chuid O2.

Clúdaíonn an Ríomh-Mheasúnacht Scileanna Digiteacha cineálacha éagsúla féinmheasúnachta/measúnachta digití, lena n-áirítear fianaise dhigiteach (amhail teistiméireachtaí, sócmhainní digiteacha, ríomh-phunanna, bunú lucht féachana) a chuirtear i bhfeidhm mar eilimintí de dhintiúir oscailte. Ina theannta sin, spreagfaidh an cineál sin Ríomh-Mheasúnachta Scileanna Digiteacha uilechuimsitheacht shóisialta dhigiteach ós rud é go mbeidh aosaigh a bhfuil leibhéal íseal scileanna digiteacha acu in ann dintiúir a fháil trí úsáid a bhaint as fianaise shimplí dhigiteach. Déanfar an t-aschur deiridh a chomhtháthú isteach sa VLH mar mheasúnacht scileanna digiteacha do na príomhghrúpaí geallsealbhóirí: eagraíochtaí cultúir agus oidhreachta, bainisteoirí cultúir, gníomhaithe cultúir agus oidhreachta. Trí úsáid a bhaint as an uirlis sin, beidh daoine aonair agus eagraíochtaí araon in ann measúnacht agus anailís a dhéanamh ar na scileanna digiteacha atá ag teastáil le haghaidh cúrsaí cultúir agus oidhreachta agus beidh siad in ann réitigh a shainaithint maidir le forbairt na scileanna sin.

Beidh na scileanna digiteacha a chuirfear san áireamh nasctha go díreach le DigComp 2.0 mar atá sainithe ag CE agus leis na modúil chúrsa ó O3.

Déanfar na scileanna digiteacha sin a bhailíochtú sna dintiúir oscailte digiteacha ar bhonn chaighdeán Shuaitheantais Oscailte Mozilla agus iad oiriúnaithe chun feabhas a chur ar an aitheantas atá acu ar an margadh oibre cultúir agus oidhreachta. Cuirfear an chuid seo de O4 i gcrích agus éabhlóid phíolótú an chúrsa in O5 agus measúnú éifeachtacht an chúrsa in O6 á gcur san áireamh. Breithneofar freisin na moltaí ó lucht déanta beartas na hEorpa maidir leis na critéir atá ann chun scileanna digiteacha a shainiú agus a mheas agus maidir leis na critéir dheimhnithe cáilíochta i leith Suaitheantais Oscailte a eisiúint mar bhailíochtú cláir oiliúna. Beidh na suaitheantais sin nasctha go díreach ag leibhéal daingean le líonraí gairmiúla ar líne láithreacha (e.g. LinkedIn) ó tharla go bhféadfadh gach foghlaimeoir bailíochtaithe ar leith a gcód digiteach a chur isteach sna líonraí sin nó ina láithreán pearsanta nó ina mblag pearsanta. Beidh sé seo ina chineál nua nuálach bailíochtaithe i leith clár oiliúna, rud atá coitianta go leor sa lá atá inniu ann maidir le comhtháthú MOOC, ach nach n-aithnítear go díreach sna struchtúir bailíochtaithe oiliúna aosach. Sna tíortha comhpháirtíochta sin ina bhfuil an reachtaíocht dian i leith bailíochtú oiliúna aosach, bainfear úsáid as cur chuige comhcheangailte. Is ionann sin agus a rá go gcuirfear measúnacht trí thástáil agus trí scrúdú san áireamh chun inniúlachtaí a bheidh bainte amach ag foghlaimeoirí sa Chúrsa Ar Líne maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir a chur i gcrích agus a bhailíochtú.

An Cineál Aschuir: Modheolaíochtaí/treoirlínte - Modh agus uirlis measúnaithe

O4.1 Uirlis Ríomh-Mheasúnachta Scileanna Digiteacha

Tairgfear an uirlis ríomh-mheasúnachta trí úsáid a bhaint as modhanna forbartha aclaí agus as dearadh úsáideoir-láraithe rud a chinnteofar trí rannpháirteachas úsáideoirí deiridh a mbeidh ionadaíocht acu sa tionscadal trí bhíthin na gcomhlachais chultúir. Ar bhonn an phlean dearthóireachta, ó O1, déanfar samhail shimplí den uirlis ríomh-mheasúnachta a ullmhú agus a thástáil i measc na ngeallsealbhóirí cultúir. Déanfar piara-athbhreithniú ar an uirlis laistigh den chomhpháirtíocht sula ndéanfar oiriúnú agus bailíochtú críochnaitheach ina leith agus ansin comhtháthófar í in O2, VLH.

Seo a leanas na clocha míle (féach an amlíne atá i gceangal leis seo):

O4.1.1: An uirlis ríomh-mheasúnachta a dhearadh. Tástáil agus bailíochtú.

O4.1.2: Ábhar a ullmhú don uirlis

O4.1.3: Forbairt theicniúil na huirlise

O4.1.4: An uirlis a chomhtháthú isteach in VLH

O4.1.5: Piara-athbhreithniú agus bailíochtú a dhéanamh i leith na huirlise

Leading:  AAU

Rannpháirtithe: gach dream

O4.2 Suaitheantais Oscailte a dhearadh agus a chomhtháthú

Ar bhonn na dtreoirlínte coincheapúla ó O1, creat struchtúrach an 21 inniúlacht dhigiteach a shainítear in DigComp 2.0, déanfar Suaitheantais Oscailte a dhearadh de réir chur chuige na smaointeoireachta deartha ar cur chuige é a úsáidfear chun saincheisteanna a bhreithniú agus chun fadhbanna reatha maidir le dintiúir a chruthú le haghaidh scileanna digiteacha sa spriocghrúpa sonrach de chuid na hearnála cultúir agus oidhreachta a réiteach. Bainfear úsáid as roinnt uirlisí dearthóireachta, amhail Canbhás Dearthaí Suaitheantais agus Teimpléid Amharc-Dheartha, chun tacú leis an bpróiseas deartha. Déanfar Suaitheantais Oscailte a chomhtháthú isteach sa VLH in O2. Áireoidh na Suaitheantais Oscailte a leanfaidh as an obair sin cód daingean digiteach ar féidir é a nascadh le líonraí gairmiúla ar líne atá ann cheana féin, agus a chur san áireamh i líonraí den sórt sin, nó i láithreán eagraíocht na ngeallsealbhóirí nó i láithreán nó i mblag pearsanta.

Seo a leanas na clocha míle (féach an amlíne atá i gceangal leis seo):

O4.2.1: Na suaitheantais oscailte le haghaidh scileanna digiteacha a shainiú agus a dhearadh

O4.2.2: Sraith Suaitheantais Oscailte le haghaidh Scileanna Digiteacha

O4.2.3: Tástáil i measc úsáideoirí agus tuarascáil ina leith sin

Leading:  AAU

Rannpháirtithe: gach dream

FÁG FREAGRA

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Tá na réimsí éigeantacha marcáilte le *.

Úsáidtear Akismet ar an suíomh seo chun turscar a laghdú. Faigh amach faoin tslí ina bpróiseáiltear do thuairim.