Aschur 2 - Mol Comhtháite d’Fhoghlaim Fhíorúil – ardán MOOC ar líne agus soghluaiste

O2 Mol Comhtháite d’Fhoghlaim Fhíorúil – ardán MOOC ar líne agus soghluaiste

Sa bhliain 2014, mar thionscnamh de chuid Ollscoil Ilcheardach Timisoara, cruthaíodh agus cuireadh ar fáil an chéad MOOC de chuid na Rómáine. Tugtar UniCampus ar an tionscnamh agus tá sé ceaptha chun bheith ina ardán neamhspleách atá le húsáid ag roinnt ollscoileanna de chuid na Rómáine. Faoi láthair, ní thairgtear UniCampus ach amháin sa Rómáinis agus tá na cúrsaí bunaithe ar acmhainní oideachais oscailte, gan aon tacaíocht ar fáil ó theagascóirí. Ní oireann an t-ardán don timpeallacht shoghluaiste fós agus tá leibhéal idirghníomhaíochta measartha íseal ann ina leith. Ní thairgeann sé aon dintiúirí ná suaitheantais oscailte faoi láthair.

Tá an tAschur seo tiomnaithe d’oiriúnú an ardáin, don ardán a chur i bhfeidhm tuilleadh mar aonad iomlán agus do thástáil inúsáidteachta a dhéanamh ar mhol d’foghlaim fhíorúil ar líne agus soghluaiste a bhaineann le forbairt inniúlachtaí digiteacha i réimse an chultúir agus na hoidhreachta agus úsáid á baint as Acmhainní, Uirlisí agus Cleachtais Oideachais Oscailte. Beidh an fhorbairt seo le fáil ar ardán MOOC na Rómáine, is é sin, UniCampus, agus óstálfaidh an t-ardán sin an cúrsa ar feadh ré an tionscadail agus dá éis sin. Ina theannta sin, beifear in ann an cúrsa, i dteanga na gcomhpháirtithe ar fad, a chomhtháthú isteach in ardáin ar líne eile (de chuid ollscoileanna comhpháirtíochta) ós rud é go n-áiritheofar cumarsáid idir na hardáin trí bhíthin an phrótacail gréasáin ‘Síniú Isteach Singil’’ agus tuigtear leis an bhforbairt go bhfuil gnéithe caighdeánaithe SCORM ann.

Mar chuid de ghiniúint theicniúil agus d’ailtireacht an ardáin chomhtháite ar líne agus shoghluaiste, beidh croí-chomhchodanna nó croísheirbhísí ann mar a thuairiscítear in O1, in O3, in O4, in O5 agus in O6;

Cúrsa na Scileanna Digiteacha i leith Cultúir - struchtúr MOOC-bhunaithe ina gcuimseofar ábhair chúrsa a fhorbrófar le linn an tionscadail chomh maith le hÁbhar Úsáideoir-Ghinte, Acmhainní Oideachais Oscailte agus cineálacha eile Ábhair Oscailte amhail samplaí cultúir agus oidhreachta agus cás-staidéir; Gníomhaíochtaí Foghlama Oscailte, gníomhaíochtaí piara-go-piara, foghlaim fhíorúil/chumaisc (O3) (O5)

Ríomh-Mheasúnacht ar Scileanna Digiteacha - cineálacha éagsúla d’fhéinmheasúnacht dhigiteach lena n-áirítear fianaise dhigiteach (amhail teistiméireachtaí, sócmhainní digiteacha, ríomh-phunanna) ar eilimintí éagsúla d’fhoghlaim fhoirmiúil agus d’fhoghlaim neamhfhoirmiúil iad a thacaíonn le measúnacht dháilte (O4)

Suaitheantais maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir - aitheantas digiteach ar na scileanna atá gnóthaithe agus é bunaithe ar choincheapa reatha amhail Suaitheantais Oscailte (O4)

Sonraí maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir - bunachar sonraí ar líne a bhaineann leis na húsáideoirí ionchorpraithe agus tá gnéithe anailíseacha foghlama ann a sholáthróidh faisnéis fíor-ama d’fhonn feabhas a chur ar chumas coimeádta cuimhne na mac léinn, luathfhágáil a chosc agus tuiscint níos fearr a fháil ar bhaint amach na n-inniúlachtaí inmhianaithe ag na foghlaimeoirí (O6)

Leagan Soghluaiste de Scileanna Digiteacha i leith Cultúir - comhéadan feidhmchláir soghluaiste chun rochtain a fháil ar an gCúrsa maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir, agus chun idirghníomhaíocht a dhéanamh leis, agus, ina theannta sin, beidh úsáideoirí in ann píosaí beaga faisnéise nó eolais a shábháil go logánta a dhéanamh ar a gcuid fón póca le go mbeidh siad ar fáil acu nuair atá gá leo ina gcuid gníomhaíochtaí fíor-shaoil mar ghníomhaithe cultúir (O3) (O5) (O6).

Le linn Mol d’Fhoghlaim Fhíorúil (VLH) a fhorbairt beidh gá freisin le díriú ar fhorbairt comhéadain idir-inoibrithigh fhreagrúil lena ngabhann gnéithe simplí a oireann d’aosaigh a bhfuil leibhéal íseal scileanna digiteacha acu, ar bhogearraí sóisialta a chur i bhfeidhm, ar chomhtháthú uirlisí le haghaidh foghlaim shoghluaiste, ar fhorbairt comhspáis oibre, ar ghnéithe inoiriúnaithe séimeantacha agus anailisíocht foghlama a chur san áireamh, ar fhéinmheasúnacht chomhtháite, ar bhailíochtú dintiúirí oideachais oscailte, agus ar rochtain oscailte ar fhaisnéis faoi chúrsaí agus ar fhaisnéis phearsantaithe.

Tuigfear as forbairt VLH go mbeidh cur chuige idirdhisciplíneach ann i leith teicneolaíochtaí gréasáin, teicneolaíochtaí soghluaiste, Web 2.0, teicneolaíochtaí meán idirghníomhach agus clos-amhairc, rochtain oscailte agus uirlisí teicneolaíochta séimeantaí. Beidh sé ar fáil i dteangacha uile na gcomhpháirtithe (EN, RO, DE, IT, LT, DK) agus d’fhéadfadh sé go leathnófar é chuig teangacha eile chun cumarsáid a lamháil ar leibhéal Eorpach, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnach.

Is é atá sa VLH ná timpeallacht nuálach ilteangach TCF-bhunaithe atá ceaptha chun foghlaim chomhoibríoch a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as líonrú sóisialta nascachta mar mhodh teagascach, as OER-anna (Acmhainní Oscailte Oideachais) mar phríomhábhar, agus as dintiúirí digiteacha oscailte mar aitheantas agus mar bhailíochtú i leith scileanna digiteacha ar féidir iad a chur i bhfeidhm maidir le gach aoisghrúpa, gach inscne, gach cúlra cultúir agus gach leibhéal oideachais dhigitigh d’fhonn uilechuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn ar leibhéal digiteach. Urramóidh forbairt an VLH W3C Consortium Web Content Accessibility Guidelines (WCAG) 2.0, rud a chinnteoidh éascaíocht úsáide do dhaoine faoi mhíchumas.

Tabharfaidh an comhéadan soláimhsithe agus an comhéadan soghluaiste spreagadh do na húsáideoirí go léir rochtain a fháil ar an VLH, gabháil do raon gníomhaíochtaí foghlama oscailte, dul i dteagmháil le gníomhaithe cultúir eile agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna digiteacha féin.

An Cineál Aschuir: Seirbhísí/struchtúir - Ardán ríomh-Fhoghlama

O2.1 Mapáil Choincheap an VLH

ar bhonn fhorbairt UniCampus mar bhogearraí Foinse Oscailte (Moodle). Cuireann an mhapáil san áireamh an UniCampus atá ann faoi láthair agus atá le forbairt tuilleadh chun riachtanais aosach a bhfuil leibhéal íseal scileanna digiteacha acu, Oideachas Oscailte, ríomh-mheasúnacht agus timpeallacht shoghluaiste a chur san áireamh. Chun na riachtanais VLH a shainaithint agus a chur ar bun, beidh an tsonraíocht bunaithe ar na torthaí ó O1 agus ar anailís ar riachtanais O3, O4, O5 agus O6, agus taithí agus oilteacht gach comhpháirtí ar leith á gcur san áireamh. Is ansin a chomhtháthófar an VLH isteach i dteangacha na gcomhpháirtithe go léir; d’fhéadfadh sé freisin, maidir leis an gcur i bhfeidhm sin, go mbeidh gá le hoiriúnú mhodúil Moodle atá ann cheana féin agus comhtháthú na modúl sin isteach i dteangacha na gcomhpháirtithe.

O2.1.1: Coincheap agus dearadh VLH

O2.1.2: Comhtháthú VLH i dteangacha éagsúla

I gceannas: UPT

Rannpháirtithe: gach dream

O2.2 Cuir i bhfeidhm teicniúil

trína gcumascfar torthaí VLH ó aschuir eile a éireoidh as forbairt (O3), (O4), OER, MOOC.

Tá cur i bhfeidhm VLH dírithe ar chomhtháthú comhchodanna oscailte ar líne agus soghluaiste le huirlisí agus le modúil de chuid O3, O4, O5, O6, agus leas á bhaint as na céimeanna seo a leanas:

  1. Tuilleadh forbartha caighdeánaithe, forbairt cód agus athbhreithniú ar mhaithe le comhtháthú modúl nua, cur i bhfeidhm bogearraí sóisialta, gnéithe séimeantacha agus gnéithe inoiriúnaithe.
  2. An chéad tástáil ar an VLH agus feidhmíocht a chinntear de réir torthaí i gcomparáid le riachtanais O2.1.2 (teangacha éagsúla de chuid na gcomhpháirtithe)
  3. Cur i bhfeidhm agus forbairt cód ar mhaithe le ríomh-mheasúnacht agus Suaitheantais Oscailte (O4)
  4. Uirlisí agus acmhainní OER agus MOOC a fhorbairt don chúrsa ar líne (O3)
  5. Deimhniú Cáilíochta - bailíochtú feidhmiúil ardán ar líne an VLH (comhtháthú, córas agus tástáil inghlacthachta) d’aosaigh a bhfuil leibhéal íseal scileanna acu
  6. Soláthar agus oiriúnach leanúnach le linn na céime píolótaí, i ngach teanga de chuid na gcomhpháirtithe

O2.2.1 Ardán Ar Líne VLH mar aon le modúil nua, Ríomh-Mheasúnacht agus Suaitheantais Oscailte

O2.2.2 VLH MOOC

O2.2.3 Tuarascáil bailíochtaithe VLH

O2.2.4 Ardán Comhtháite VLH i ngach teanga de chuid na gcomhpháirtithe

I gceannas: UPT

Rannpháirtithe: UNIROMATRE, AAU, DCU, UniGraz, NADE

O2.3 Le linn forbairt theicniúil a dhéanamh ar acmhainní an Chúrsa maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

beifear ag obair go dlúth leis na comhpháirtithe go léir chun forbairt a dhéanamh ar OER-anna agus ar acmhainní eile a bhfuil gá leo le haghaidh modúil chúrsa a éiríonn as (O3). Áiríonn sé sin fístaifeadtaí, meáin agus cruthú ábhar beochana, eagarthóireacht ilmheán, bailíochtú OER-anna atá ann cheana féin agus comhtháthú na nithe sin ar fad isteach sa VLH. Beidh acmhainní an chúrsa bunaithe go páirteach ar shamplaí atá ann cheana féin agus ar chás-staidéir atá digitithe cheana féin agus go páirteach ar ábhair a chruthófar go sonrach don chúrsa seo.

O2.3.1 OER-anna VLH atá ann cheana féin a bheith bailíochtaithe

O2.3.2 Acmhainní nua meán OER don VLH

O2.3.3 VLH online version of the Digital Skills for Culture Course

I gceannas: UPT

Rannpháirtithe: gach dream

O2.4 Forbairt theicniúil ar Aip Shoghluaiste an Chúrsa maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

Forbrófar an aip sin ar bhonn na dtreoirlínte coincheapúla agus na riachtanas (O1) agus trí úsáid a bhaint as an ábhar a leanfaidh as (O3) agus a bheidh comhtháthaithe isteach san ardán ó (O2.2). Forbrófar an aip shoghluaiste trí úsáid a bhaint as teangacha dúchais na gcóras oibriúcháin soghluaiste is mó úsáid (iOS le haghaidh Apple agus Android IS le haghaidh an chuid is mó de na cinn eile) agus cuirfear ar fáil í sna stórais feidhmchlár éagsúla (AppStore agus Play). Cuimseoidh an aip shoghluaiste rochtain fíorama ar líne ar ábhar agus ar ghníomhaíochtaí an Chúrsa maidir le scileanna digiteacha i leith Cultúir (DSC) agus, mar ghné nuálach, beifear in ann ábhar a shábháil go logánta ar fheistí soghluaiste foghlaimeoirí mar phíosaí beaga faisnéise nó eolais atá caighdeánach le haghaidh aipeanna meán sóisialta eile le go mbeidh foghlaimeoirí in ann a n-eispéiris i leith an DSC a chomhroinnt.

O2.4.1 Sreangfhráma agus nascleanúint aip shoghluaiste an DSC

O2.4.2 Aip shoghluaiste an DSC a fhorbairt in dhá chóras oibriúcháin

O2.4.3 Bailíochtú aip shoghluaiste DCS in dhá stór

I gceannas: UPT

Rannpháirtithe: AAU

O2.5 Measúnú inúsáidteacht agus uasdátú leanúnach

aip ar líne agus shoghluaiste an VLH chun an t-eispéireas is fearr agus is féidir don úsáideoir a chinntiú. Chomh maith le díriú ar aosaigh a bhfuil leibhéil ísle scileanna digiteacha acu, measúnófar í i gcomparáid le riachtanais an tionscadail i leith inúsáidteachta agus inmhianaitheachta ó thaobh na n-úsáideoirí de (déanfar tástáil theicniúil agus úsáid á baint as modheolaíochtaí creidiúnaithe ó Isometrics, Usability Lab (Andone, 2012; Garret, 2012), déanfar tástáil eispéiris úsáideora trí bhreathnóireacht agus trí chian-aiseolas ó úsáideoirí beo, baileofar agus anailíseofar sonraí ó shamplaí rannpháirtithe, déanfar bailíochtú anailísíochta agus anailísiú foghlama VLH agus déanfar faireachán ar fheidhmíocht feidhmchlár. Soláthróidh an ghníomhaíocht sin faireachán agus uasdátú tréimhsiúil i leith na n-uirlisí, agus an méid sin bunaithe ar chaighdeáin uasdátaithe, ar riachtanais slándála agus ar leaganacha nua bogearraí chun inbhuanaitheacht an ardáin VLH a chinntiú.

O2.5.1 Tuarascáil Inúsáidteachta VLH i bhfoirm ar líne agus i bhfoirm shoghluaiste

O2.5.2 Treoracha agus cabhair d’úsáideoirí VLH

O2.5.3 Tuarascáil anailísíochta VLH

Leading: UPT

Rannpháirtithe: gach dream

FÁG FREAGRA

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Tá na réimsí éigeantacha marcáilte le *.

Úsáidtear Akismet ar an suíomh seo chun turscar a laghdú. Faigh amach faoin tslí ina bpróiseáiltear do thuairim.