Seo a leanas cuspóirí DigiCulture:

  • Feabhas a chur ar an bhfeasacht faoin ngá le hoiliúint maidir le scileanna digiteacha le haghaidh na dtionscal cruthaitheachta
  • Treoirlínte trastíre i leith Inniúlachtaí Digiteacha do na Tionscail Chruthaitheachta a dhearadh agus a bhailíochtú
  • Mol Comhtháite d’Fhoghlaim Fhíorúil a chruthú mar shaoráid ar líne agus mar shaoráid shoghluaiste
  • Cúrsa Scileanna Digiteacha agus Uilechuimsitheachta Sóisialta do na Tionscail Chruthaitheachta a dhearadh, a fhorbairt agus a chur ar fáil, agus OER (acmhainní oscailte oideachais) a bheith aistrithe go dtí teangacha na gcomhpháirtithe go léir, agus an cúrsa a bheith á chur ar fáil mar mheascán ina gcuimsítear cúrsa foghlama cumaisc agus cúrsa de chineál MOOC don spriocghrúpa agus é ar fáil go hiomlán ar líne.
  • Feabhas a chur ar ghnóthachtáil scileanna digiteacha, agus ar an aitheantas a thugtar dóibh, ar mhodh foghlaim fhoirmiúil agus foghlaim neamhfhoirmiúil trí ríomh-mheasúnacht Scileanna Digiteacha agus Suaitheantais Oscailte a thabhairt isteach le haghaidh oideachas aosach sna tionscail chruthaitheachta
  • Eispéiris shuimiúla éifeachtacha foghlama a sholáthar sa chúrsa Scileanna Digiteacha do na Tionscail Chruthaitheachta
  • Feabhas a chur ar chomhoibriú idir soláthróirí oideachais, ollscoileanna, institiúidí agus cumainn a bhíonn ag plé le réimsí an chultúir agus na hoidhreachta, agus gníomhaithe, oibrithe agus oibrithe deonacha i réimse an chultúir
  • Fianaise a sholáthar i dtaobh conas a rannchuidíonn gnóthachtáil, measúnacht agus bailíochtú scileanna digiteacha leis an líon daoine sna tionscail chruthaitheachta a rachaidh i mbun scileanna nua a fháil

Tá 6 Aschur Intleachtúla roinnte in 21 garspriocanna agus torthaí: