Aschur 1 – Treoirlínte Coincheapúla maidir le hInniúlachtaí i leith Cultúir

O1 Treoirlínte Coincheapúla maidir le hInniúlachtaí i leith Cultúir

NUA TÁ an Suirbhé Ar Líne maidir le Cultúr Digiteach ar fáil ar líne anois!

Tá coincheap na nInniúlachtaí agus na Scileanna Digiteacha an-tábhachtach i mbeartais Eorpacha a bhaineann le réimse an oideachais. Tá na sainmhínithe is déanaí ar Inniúlachtaí agus Scileanna Digiteacha le fáil in DigComp 2.0 (atá bunaithe ar DigComp 2.0: An Tuarascáil ar Chreat Inniúlachtaí Digiteacha do Shaoránaigh (Vorikari, Punie, 2016) le JRC Science). Baintear leas as na cúig réimse seo a leanas mar threoir don tionscadal seo: faisnéis agus litearthacht sonraí, cumarsáid agus comhoibriú, cruthú ábhair dhigitigh, sábháilteacht, agus réiteach fadhbanna. Déantar na cúig réimse scileanna digiteacha sin a mhiondealú ina 21 inniúlacht dhigiteach.

Tríd an aschur intleachtúil seo, féachfar leis an méid seo a leanas a shainaithint:

  1. cé acu den 21 inniúlacht a bhfuil an bhaint is mó acu leis an earnáil chultúir agus oidhreachta,
  2. cé acu de na scileanna atá ag teastáil ag leibhéil éagsúla oibre agus i réimsí éagsúla cultúir,
  3. conas is féidir na scileanna a ghnóthú trí chúrsa MOOC ar líne nó trí chúrsa foghlama cumaisc,
  4. conas is féidir modheolaíocht oideachais oscailte a chur i bhfeidhm i leith na hearnála seo
  5. conas is féidir le Suaitheantais Oscailte rannchuidiú le scileanna digiteacha gníomhaithe cultúir agus oidhreachta a fheabhsú agus a bhailíochtú
  6. cad iad na nithe nach mór iad a chur san áireamh i leith gníomhaithe cultúir agus oidhreachta agus i leith institiúidí ardoideachais a bhfuil oiliúint ar siúl acu i ndáil leis na scileanna lena mbaineann?
  7. cad iad na coincheapa, na cuir chuige agus na modhanna oideolaíochta agus foghlama teicneolaíocht-fheabhsaithe is mó a bhfuil gealladh fúthu i dtaca le scileanna digiteacha níos fearr a bhaint amach a mhéid a bhaineann le gníomhaithe cultúir agus oidhreachta?
  8. Conas is féidir le cúrsaí de chineál MOOC feabhas a chur ar scileanna digiteacha
  9. conas is féidir na treoirlínte seo a aistriú chuig earnálacha eile amhail turasóireacht?

Tá mic léinn agus oideoirí tar éis glacadh go tapa le Cúrsaí Oscailte Ollmhóra Ar Líne (MOOC-anna) agus tá líon mór úsáideoirí i gceist. Tá MOOC-anna ina gcuid dhílis d’fheiniméin na nAcmhainní Oideachais Oscailte (OER-anna) agus tá siad i measc na dtáirgí is spreagúla a bhfuil baint acu leis na hAcmhainní sin agus is uirlisí iad a bhfuil ról níos méadaithí ná riamh acu i mbeartais oideachais cuid mhór tíortha. Tar éis na n-eispéireas tosaigh i leith cúrsaí saor in aisce den sórt sin, tháinig roinnt criticeoirí chun cinn (Daniel 2012, Dillahunt et al. 2014, Hollands & Tirthali 2014, Rohs & Ganz 2015, Schuwer er al. 2015). Tharraing na daoine sin aird go formhór ar na saincheisteanna seo a leanas: na rátaí luathfhágála, rannpháirtíocht íseal i dTríú Tíortha, easpa déine oideolaíochta maidir le dearadh MOOC-anna, mar aon le heaspa critéar cáilíochta (Stracke, 2014). Dá ainneoin sin ar fad, a bhuí le scaipeadh MOOC-anna agus lena éasca atá sé iad a úsáid, is féidir leo a bheith ina n-uirlis shármhaith maidir le cur chun cinn cumas agus inniúlachtaí atá bainteach le saol na hoibre, leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus le huathfhoghlaim.

Le cuid mhór blianta anuas, tá spéis á léiriú ag institiúidí cultúir agus ag músaeim i gcur chun cinn na hoidhreachta ealaíne agus cultúir trí bhíthin cineálacha nua teicneolaíochta, go háirithe i réimse na cianfhoghlama agus na foghlama digití. Mar thoradh ar úsáid a bhaint as MOOC-anna, tá deis ag réimse an oideachais cultúir agus oidhreachta d’aosaigh chun na réimsí comhtháthúcháin i dtaca le teicneolaíochtaí nua de a leathnú agus, ag an am céanna, chun forbairt a dhéanamh ar theicníochtaí nua múinteoireachta d’úsáideoirí éagsúla. Sa bhliain 2013, chruthaigh Músaem Nua-Eabhrac na hEalaíne Nua-Aimseartha (MoMA) MOOC a bhí dírithe ar oibreoirí agus ar oideoirí músaeim. Thar an gcéad cheithre seachtaine a raibh sé ar fáil, bhí sé in ann 17,000 úsáideoir a mhealladh ó gach áit ar an domhan (Mazzola, 2013). Sa bhliain 2015, chuir Ollscoil Leicester tús MOOC dar teideal “Behind the scenes at the 21st Century Museum” ar dócha ina leith gurbh é an chéad sampla é de chúrsa inrochtana ar líne, ar cúrsa é a cruthaíodh le tacaíocht ó Mhúsaem Náisiúnta Learphoill. Thug an tionscadal sin suntas don tábhacht a bhaineann le bainistíocht chomhroinnte idir músaeim agus Ollscoileanna le linn na MOOC-anna a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Chuir modheolaíocht den sórt sin feabhas suntasach ar cháilíocht an ábhair a bhí beartaithe agus, ar mhodh níos leithne, ar mhodhanna teagaisc i músaeim agus in institiúidí acadúla (Parry et al., 2016).

Ba é ab aidhm do chomhtháthú acmhainní agus deiseanna digiteacha isteach san oideachas (go háirithe i réimse an chultúir agus na hoidhreachta) ná aird a tharraingt orthu i gcomhthéacs na foghlama sa 21ú haois. Ina saothar dar teideal “21st Century Skills: Learning for Life in Our Times” (2009), cruthaíonn Trilling agus Fadel creat tras-scileanna a bhfuil gá leo chun an tsochaí a ullmhú le haghaidh réaltachtaí casta an 21ú haois.

Maidir leis na 4 scil - smaointeoireacht chriticiúil, cruthaitheacht, cumarsáid agus comhoibriú - tá baint ar leith acu le hearnáil an chultúir agus na hoidhreachta ós rud é go bhfuil an earnáil sin an-oiriúnach i leith na ceithre scil sin a chomhtháthú isteach san oideachas. Trí oideachas maidir le cultúr agus oidhreacht, moltar d’fhoghlaimeoirí aosacha smaointeoireacht a dhéanamh ar bhealaí nua rud a spreagann cruthaitheacht. Ina theannta sin, is minic a chuirtear oideachas cultúir agus oidhreachta ar fáil ar mhodh comhoibríoch, mar shampla nuair a fheidhmíonn foghlaimeoirí in éineacht lena chéile nó nuair a ullmhaíonn siad cur i láthair ar mhodh comhpháirteach.

An Cineál Aschuir: Modheolaíochtaí/treoirlínte - Creat modheolaíoch maidir le cur i bhfeidhm

O1.1 Creat Coincheapúil i leith inniúlachtaí digiteacha le haghaidh cultúir agus oidhreachta

Tugtar aghaidh ar shaincheisteanna a thagann chun cinn agus a bhaineann le nuálaíocht agus le comhtháthú acmhainní agus deiseanna digiteacha isteach san oideachas cultúir agus oidhreachta agus fónann sé mar bhonn teoiriciúil le haghaidh na comhpháirtíochta, is é sin, le linn an tionscadail agus nuair a bheifear ag leanúint den obair nuair a bheith ré an tionscadail thart.

Eilimintí de chuid an chreata (ní liosta iomlán é seo):

-Na féidearthachtaí a ghabhann le hoideachas cultúr agus oidhreachta i dtaca le feabhsú scileanna foghlama an aonú haois is fiche

-Ról ionchasach na n-inniúlachtaí agus na n-acmhainní digiteacha i réimse an oideachais cultúir agus oidhreachta, i gcomhthéacs na foghlama san aonú haois is fiche

-Ceisteanna taighde a thagann chun cinn maidir le hacmhainní agus modhanna digiteacha i réimse an oideachais cultúir agus oidhreachta. Rannchuideoidh an chéim phíolótach (cuid d’aschur O5) agus an measúnú ina dhiaidh sin (cuid d’aschur intleachtúil O6) le hullmhú freagraí ar na ceisteanna sin.

-Forléargas ar staid gnóthaí taighde maidir le hinniúlachtaí digiteacha le haghaidh earnáil an chultúir agus na hoidhreachta.

I bhfianaise na gceisteanna sin, tá baint ag an gcreat freisin le páirtithe seachtracha a bhfuil taighde á dhéanamh acu faoi chomhtháthú digiteach agus nuálaíocht i réimsí an oideachais, an oideachais cultúir agus oidhreachta, agus na foghlama sa 21ú haois.

Ar dtús, déanfaidh na comhpháirtithe go léir atá ann an taighde deisce atá ag teastáil chun an creat a chruthú. Cuimseoidh an taighde sin an méid seo a leanas:

-Liosta alt agus ábhar a bhaineann le foghlaim sa 21í haois a chruthú, acmhainní digiteacha (nuálacha) a úsáid san oideachas aosach, agus san oideachas cultúir agus oidhreachta, ar nithe iad a bheidh úsáideach do chomhpháirtithe eile le go mbeidh siad ullmhaithe go maith le haghaidh na gcéad chéimeanna eile den tionscadal.

-Na ceisteanna a bhailiú agus a cheapadh, cuir i láthair faoi théamaí sonracha a ullmhú don chéad chruinniú trasnáisiúnta de chuid an tionscadail agus staidéar a dhéanamh ar na hailt agus ar na hábhair a bheidh molta.

-I bhfianaise straitéis fhadtéarmach na heagraíochta, plé inmheánach ar leibhéal bainistíochta maidir le saincheisteanna agus ceisteanna atá oiriúnach lena chur san áireamh sa chreat.

Ar fáil i mBéarla amháin.

I gceannas: UNIROMATRE

Rannpháirtithe: UPT, AAU, DCU, UniGraz

O1.2 Taighde Eorpach agus Taighde Náisiúnta faoi bhailíochtú na hinniúlachta digití

Leanfaidh sé seo as staidéar measúnachta i leith an taighde reatha faoi chleachtais oideachais i réimse na hinniúlachta digití, is é sin le rá, an taighde ó na comhpháirtithe go léir, as staidéar cáilíochtúil a reáchtálfar i measc na geallsealbhóirí cultúir lena mbaineann agus as athbhreithniú bibleagrafaíochta.

Ar bhonn chúlra gach grúpa foirne, is ceart sonraí a bhailiú mar chuid den staidéar seo chun critéir deimhnithe cáilíochta a mholadh i ndáil le hinniúlachtaí digiteacha d’aosaigh ag a bhfuil leibhéal íseal scileanna digiteacha, agus is ceart na nithe seo a leanas a phlé:

-Modhanna múinteoireachta agus measúnachta

-Ábhair agus urlisí oideolaíochta

-Ionstraimí taighde

-Aon eilimintí fíorthábhachtacha eile (lena n-áirítear sásraí tacaíochta).

Mar thoradh ar na tascanna seo a leanas ullmhófar an fo-aschur:

-Athbhreithniú Bibleagrafaíochta ar bhailíochtú na hinniúlachta digití, ar thorthaí reatha agus ar dheacrachtaí reatha.

-Cur síos ar na curaclaim éagsúla, ar na curaclaim/cleachtais/straitéisí éagsúla atá forbartha ag na comhpháirtithe go léir.

-Staidéar cáilíochtúil faoi na geallsealbhóirí i réimse an chultúir (ceistneoir, grúpaí fócais)

-Forbairt a dhéanamh ar anailís agus eangach chomparáide i leith na gcleachtas a ndéantar cur síos orthu

Saineoidh an staidéar na cleachtais is fearr i dtaca le hinniúlachtaí digiteacha a bhaint amach san earnáil chultúir agus oidhreachta de réir mar atá sainithe agus curtha i láthair i staid reatha gnóthaí taighde sa réimse seo.

Ar fáil i mBéarla amháin.

I gceannas: UNIROMATRE

Rannpháirtithe: gach dream

O1.3 Treoirlínte maidir le hInniúlachtaí Digiteacha i leith Cultúir

Leanann an fo-aschur seo go díreach as an gcéad dá cheann: tar éis Creat Coincheapúil scileanna digitiúla le haghaidh cultúir agus oidhreachta agus eangach na ndea-chleachtas i leith oideachais inniúlachta digití a shainiú, cruthófar na Treoirlínte maidir le hInniúlachtaí Digiteacha i leith Cultúir d’fhonn an bonn teoiriciúil a chur ar fáil a úsáidfear chun Cúrsa Ar Líne na Scileanna Digiteacha i leith Cultúir a chur ar fáil sa Mhol d’Fhoghlaim Fhíorúil (VLH) (O2) agus is ionann é sin agus croí-aschur an tionscadail.

Mar thoradh ar na tascanna seo a leanas ullmhófar an fo-aschur seo:

-Comparáid idir Creat Coincheapúil na n-inniúlachtaí digiteacha le haghaidh cultúir agus oidhreachta agus anailís ar chleachtais reatha as a leanann sainaithint bearnaí nach mór aghaidh a thabhairt orthu

-“Togra tosaigh le haghaidh Treoirlínte maidir le hInniúlachtaí Digiteacha i leith Cultúir” a ullmhú (dea-chleachtais agus critéir dheimhniúcháin i ndáil le forbairt inniúlachtaí digiteacha in earnáil an chultúir agus na hoidhreachta a mhéid a bhaineann le cianoideachas ollmhór).

-“Treoirlínte maidir le hInniúlachtaí Digiteacha i leith Cultúir” a aistriú go gach teanga chomhpháirtíochta ar mhaithe lena scaipeadh.

Mar thoradh ar an obair seo, cuirfear an chéad dréacht de Threoirlínte maidir le hInniúlachtaí Digiteacha i leith Cultúir ar fáil ar bhealach ina mbeidh rochtain orthu go héasca agus ina mbeidh siad inmhínithe do phobal leathan. Tar éis an t-ábhar sin a scaipeadh gheofar aiseolas ón bpobal taighde agus dá bharr sin beifear in ann an t-ábhar a fheabhsú agus a mhínscagadh sula scaoilfear an leagan críochnaitheach ag deireadh O2 le go mbeifear in ann an cúrsa ar líne a chruthú mar chuid de O3.

I gceannas: UNIROMATRE

Rannpháirtithe: gach dream

FÁG FREAGRA

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Tá na réimsí éigeantacha marcáilte le *.

Úsáidtear Akismet ar an suíomh seo chun turscar a laghdú. Faigh amach faoin tslí ina bpróiseáiltear do thuairim.