Walter Scholger

Rinne Walter Scholger staidéar ar Stair agus ae Eolaíochtaí Feidhmeacha Cultúir in Graz (san Ostair) agus i Maigh Nuad (in Éirinn). Is é Leas-Stiúrthóir an Ionaid Múnlaithe Faisnéise - Ionad Daonnachtaí Digiteacha na hOstaire - in Ollscoil Graz (san Ostair) é ó bhí an bhliain 2008 ann, áit ina mbíonn sé ag plé go formhór le saincheisteanna riaracháin, le bainistíocht tionscadal agus le comhordú ghníomhaíochtaí múinteoireachta an Ionaid. Tá a chuid taighde dírithe ar saincheisteanna dlí (cóipcheart, príobháideachas, ceadúnú) i gcomhthéacs taighde, oideachais agus dhigitiú na hOidhreachta Cultúir, agus ar Eolaíocht Oscailte agus ar Fhoilsiú Digiteach i gcoitinne. Tá baint aige le roinnt tionscadal idirnáisiúnta ina bhfuiltear ag plé le gnéithe dlí de chuid an réimse acadúil agus an digitiúcháin, agus tá sé ina bhall, agus ina chomhcheannasaí, de ghúpaí scátheagraíochtaí DH (ADHO Digital Pedagogy SIG) atá tiomnaithe d’fhorbairt curraclam DH agus do shaincheisteanna a bhaineann le foilsiú digiteach (DHd). Tá cuid mhór ábhar foilsithe aige ar DARIAH-EU, bhí sé gníomhach ar roinnt Grúpaí Oibre, d’fhóin sé mar Chomhcheannasaí an Ghrúpa Oibre “Oiliúint agus Oideachas” ó 2013 go dtí 2017 agus an Ghrúpa Oibre “Eitic agus Dlíthiúlacht i réimse na nDán Digiteach agus na nDaonnachtaí Digiteacha”.