University of Graz

Bunaíodh Ollscoil Graz, an dara hollscoil is sine san Ostair, sa bhliain 1585. Le timpeall 32,500 mac léinn agus 4,000 fostaithe tá sé ar cheann de na hinstitiúidí ardoideachais is mó san Ostair. Is ollscoil chuimsitheach é le timpeall 120 cúrsa staidéir aige agus 76 institiúid; atá eagraithe i sé dhámh. Tá próifíl láidir idirnáisiúnta ag an ollscoil agus tá sé bainteach le go leor gréasán domhanda (m.sh Coimbra Group agus Utrecht Network) agus tionscadail idirnáisiúnta agus Eorpacha.

Bunaíodh The Centre for Information Modelling - Austrian Centre for Digital Humanities ag Ollscoil Graz go hoifigiúil sa bhliain 2008 ag baint leas as an saineolas i nDámh na nDaonnachtaí, agus tá sé mar chuid de na gréasáin DHd (Digital Humanities in Germanspeaking countries) agus CenterNet (International Network of Digital Humanities Centers). Comhordaíonn agus cuireann ZIM na modúil DH ar fáil ar bhonn dáimhe agus ollscoile agus lainseáil sé cúrsa MA nua sa Daonnachtaí Digiteacha sa bhliain 2017. Déanann ZIM speisialtóireacht i bhforbairt agus bainistiú na n-infreastruchtúr TF do thionscadail samhaltaithe sonraí (tríd GAMS) go minic, i gcomhar le comhpháirtithe ollscoile, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.