Andrei Jecza

Rugadh Andrei Petru Jecza, mac leis an dealbhóir Peter Jecza isteach i gclann ealaíonta. Rinne sé staidéar i meánscoil Ghearmánach ina bhaile dúchais sular ghnóthaigh sé dhá chéim éagsúla san Fhísealaín, Fhótagrafaíocht agus Stair na Mínealaíne ag West University of Timisoara. Níos déanaí, chríochnaigh sé le gradam ina mháistreacht i nGnó na hEalaíne ag Sotheby’s Institute of Art i Londain. Faoi láthair, ritheann sé a ghailearaí tráchtála féin agus ceapadh é ina stiúrthóir feidhmiúcháin ar Mhúsaem Jecza le déanaí. Teastaíonn ó Andrei Jecza ealaíontóirí Rómánacha a bhí ina gceannródaithe sna 1960 agus 70idí luatha a chur chun cinn chomh maith le healaíontóirí comhaimseartha ar thús cadhnaíochta. D’fhorbair sé íomhá na n-ealaíontóirí a ndéanann sé ionadaíocht orthu trína naisc idirnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí, agus d’éirigh leis a gcuid saothair a fháil i mbailiúcháin cháiliúla cosúil leis an MUMOK Museum of Contemporary Art in Vín, MOCAK Museum of Contemporary Art in Krakow, Ritter Collection sa Ghearáin nó Tate Modern i Londain.

 

Chomh maith leis seo, tá Andrei Jecza dírithe ar The Source Workshop agus epretext; dhá chomhlacht éagsúla leis an aidhm “bring art and design to the people”. D’éirigh le The Source Workshop, atá lonnaithe in Timisoara, bheith mar an chéad teach foilsitheoireachta a dhéanann ealaín thraidisiúnta a fhoilsiú sa Rómáin. Oibríonn The Source Workshop i gcomhar le healaíontóirí Rómánacha móra le rá cosúil le Marius Bercea, Serban Savu, Mi Kafchin, Gili Mocanu, Constantin Flondor agus daoine eile ar mhaithe lena gcuid ealaín a dhéanamh níos inacmhainne do dhaoine Rómánacha le dúil acu san ealaín.

 

Díríonn sé ar Ghailearaí Jecza den chuid is mó agus tá sé d’aidhm aige é a dhéanamh mar an príomhmhúsaem don ealaín chomhaimseartha in Iarthar na Rómáine. Is comhpháirtí é Gailearaí Jecza le Art Encounters Biennale, an músaem ealaíne biennale is rathúla agus leis an líon is mó cuairteoirí sa Rómáin. An aidhm fhadtréimhseach atá ag Andrei Jecza ná ealaín chomhaimseartha Rómánach a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.