Triade Foundation

Aidhm chultúrtha, ealaíonta atá ag an Interart Foundation TRIADE ar mhaithe leis na luachanna cultúrtha agus an t-eolas atá léirithe i réimse na healaíona a chur chun cinn chomh maith le staidéar a dhéanamh ar na foirmeacha difriúla de léiriú ealaíonta agus ar chúrsaí idirchumarsáide. Is scáthinstitiúid í a chlúdaíonn réimse an-leathan de luachanna cultúrtha agus ealaíonta.

 

Tá an Triade Interart Foundation i láthair ar ardán cultúrtha Timisoara ón mbliain 2000. Ba é an dealbhóir tábhachtach, Peter Jecza, a bhunaigh é. Fágadh oidhreacht an dealbhóra leis an eagraíocht agus déanann an eagraíocht bainistiú ar níos mó ná 1000 dealbh a chuirtear chun cinn trí thaispeántais, albaim, catalóga agus taighde. Tugadh stádas músaeim (Músaem Peter Jecza) ar an mbailiúchán ó 2017 ar aghaidh.

 

Aidhmeanna: bheith eolach ar luachanna cultúrtha, staidéar a dhéanamh ar luachanna cultúrtha, luachanna cultúrtha a chur chun cinn, ealaín a bhainistiú trí mheán an oideachais, pobal a chruthú agus cúrsaí idirchumarsáide sóisialta a fheabhsú.

 

Taithí ábhartha: An pháirc phoiblí dealbhóireachta Triade agus aisghabháil na luachanna cultúrtha 1960-1989 trí chlár/feachtas foilsitheoireachta agus feachtas taispeántais (le níos mó ná 200 leabhar ealaíne agus 200 taispeántas). Clár a fhorbairt a chuireann ealaín nua chun cinn. Ról gníomhach maidir le healaín na Rómáine a chur chun cinn thar lear. Comheagraí den Art Encounters Biennial. Tá roinn ag an eagraíocht a dhéileálann le táirgeadh ealaíne.

 

Spreagann an clár cónaitheachta ealaíne tionscadail taighde agus coimeádaíochta.

 

D’oscail an eagraíocht an Jecza Contemporary Art Gallery sa bhliain 2011. Cuireann sé seo ealaín chun cinn trí pháirt a ghlacadh in aontaí agus in eachtraí idirnáisiúnta (Vienna Contemporary, Art Brussel, Basel (??), New York, Koln Art Fair, Paris Photo).

 

Tá Triade Publishing House tar éis eagarthóireacht agus priontáil a dhéanamh ar níos mó ná 200 teideal ealaíne (an bailiúchán “Cultural Management” ina measc).

 

Táirgeann agus dáileann The Source Workshop, a bunaíodh sa bhliain 2013 ealaín i ngrafaicí eagrán teoranta.

 

Is é ePretext an leathnú deireanach dár gcuid imní. Is ardán é seo do thaispeántais dearaidh le haghaidh dearthóirí, ailtirí agus ealaíontóirí.

 

Deontais: National Administration of the Cultural Found, Romanian Cultural Institute, Ministry of Culture, Timișoara City Hall etc. Comhpháirtíochtaí: Art Museums of Timișoara, Craiova, Cluj / Romania, Rueil Malmaison / France, Budapest/Hungary, Vienna/Austria, Venice /Italy, Berlin /Germany, New York /USA etc.