Danguole Rutkauskiene

Is Ollamh Comhlach sa Roinn Innealtóireachta Ilmheán (Dámh na Faisnéisíochta) in Ollscoil Teicneolaíochta Kaunas í Danguole Rutkauskiene agus is saineolaí Oideachais í in Institiúid Teicneolaíochta Oideachais Bhaltaigh (BETI) í. Is duine de bhunaitheoirí an Chumainn Náisiúnta Cianoideachais sa Liotuáin í agus, faoi láthair, is í Uachtarán an chumainn sin í. Tá Danguole Rutkauskiene ina ball de Choiste Bainistíochta EADTU (An Comhlachas Eorpach Ollscoileanna Cianteagaisc), agus tá sí ina ball de INFOBALT agus de chumainn eile. Bhí baint aici le cuid mhór tionscadal de chineál náisiúnta agus idirnáisiúnta i gcáil mar chomhordaitheoir agus mar chomhpháirtí, tá páirt glactha aici i seimineáir agus i gcomhdhálacha náisiúnta, agus tá seimineáir den chineál sin eagraithe aici, agus, chomh maith leis sin, tá páirt glactha aici in imeachtaí idirnáisiúnta. Tá 29 leabhar, ailt éagsúla agus 174 mhonagraf scríofa aici ar théama na ríomhfhoghlama. Tá spéis ar leith aici i modheolaíocht agus i mbainistíocht na ríomhfhoghlama agus in úsáid ardteicneolaíochtaí foghlama in ollscoileanna agus in institiúidí oideachais. Le déanaí, thosaigh sí ag cur spéis i MOOC-anna agus glacann sí páirt ghníomhach i dtaighde ar MOOC-anna ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal idirnáisiúnta. De bhreis air sin, chuir sí tús le céimeanna ullmhúcháin agus soláthair trí MOOC, agus ghlac sí páirt san obair sin.