An Cumann Náisiúnta Cianoideachais

Bunaíodh an National Association of Distance Education in Iúil na bliana 1998. Bunaíodh é ar mhaithe le bunú an Information Society of Lithuania a chur chun cinn tríd an cianoideachas a fhorbairt agus caighdeán an chianoideachais a fheabhsú. Is é príomhaidhm an NADE ná chun comhdheiseanna foghlama a chur ar fáil do shaoránaigh uilig na Liotuáine in ainneoin a n-áit chónaithe. Is iomaí deis ghníomhaíochta atá ann sa Liotuáin agus tá níos mó ag teacht ach ní féidir iad a thapú gan chabhair ó na hollscoileanna agus institiúidí an rialtais. Is gá dúinn cumarsáid a dhéanamh go gníomhach agus páirt a ghlacadh i bpróisis chruthaitheacha an DE. Is iad na príomhghníomhaíochtaí ná: 1) faisnéis a bhailiú agus a scaipeadh faoi eachtraí, tionscadail agus modhanna cianoideachais s.rl 2) cúrsaí cianoideachais a eagrú agus taighde a dhéanamh in ionaid tacaíochta réigiúnacha agus in institiúidí eile. 3) chun cúram a ghlacadh ar an gcianoideachas agus é a fheabhsú chomh maith le seimineáir a eagrú do theagascóirí agus eagraithe cianoideachais. 4) páirt a ghlacadh i bhforbairt agus bainistíocht an ghréasáin fhíschomhdhála. 5) chun an soláthar agus éileamh réigiúnach do chúrsaí i réimsí an réamhcháiliúcháin, an ghairmoideachais, an oideachais iar-bhunscoile agus an Ard-Oideachais.