Mairéad Nic Giolla Mhichíl

Faoi láthair, tá an Dr. Mairéad Nic Giolla Mhichíl ina hOllamh Comhlach agus ina hÁnra Sinsearach Taighde san Institiúid Náisiúnta um Fhoghlaim Dhigiteach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus taighde á dhéanamh aici ar Chúrsaí Oscailte Ollmhóra Ar Líne chomh maith le Tionscnamh Straitéiseach na hOllscoile sa réimse seo a chur i bhfeidhm. Scoláire Fulbright is ea í in Ollscoil Notre Dame i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus is Léachtóir le Teicneolaíocht Faisnéise í i nDámh na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta in DCU. Bhí róil cheannaireachta ag Mairéad laistigh dá scoil, sá Dámh agus dá hOllscoil agus d’fhóin sí mar Dhéan Comhlach na Múinteoireachta agus na Foghlama. Tá baint ag Mairéad le roinnt tionscadal taighde Eorpach i gcáil mar Phríomhthaighdeoir agus mar thaighdeoir araon. Cuireann sí spéis ar leith in ábhair thaighde de chineál idirdhisciplíneach agus áiríonn siad an teicneolaíocht i réimse na múinteoireachta agus na foghlama agus athrú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beartas. I láthair na huaire, tá Mairéad i mbun comheagarthóireachta ar leabhar faoi Fhoghlaim Dhigiteach.