Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Is institiúid dhiantaighde in Éirinn í Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le níos mó ná 16,000 mac léinn; lena n-áirítear 2,600 mac léinn iarchéime agus 700 mac léinn taighde. Cuireann an Ollscoil réimse leathan clár ar fáil i nDámh na nDaonnachtaí agus na hEolaíochtaí Sóisialta, i nDámh na hInnealtóireachta agus na Ríomhaireachta, i nDámh na hEolaíochta agus an tSláinte agus in Institiúid an Oideachais. Aithnítear DCU go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar “University of Enterprise” na hÉireann toisc go n-aistríonn sé eolas isteach go nuálaíochtaí do leasa eacnamaíocha agus sóisialta. Tá sé d’aidhm ag The National Institute for Digital Learning (NIDL) bheith mar cheannródaí an domhain ar thús cadhnaíochta san oideachas, taighde agus nuálaíocht maidir le samhlacha comhaimseartha teagaisc agus foghlama a chabhraíonn saolta daoine agus sochaithe a athrú ó bhonn. Is é an misean atá againn ná samhlacha claochlaitheacha teagaisc agus foghlama a dhearadh, a chur i bhfeidhm agus a mheasúnú trí cheannaireacht straitéiseach a chur ar fáil, chomh maith le bheith rannpháirteach i dtaighde den chéad scoth agus barr feabhais acadúil a chur chun cinn.