Cultúr Digiteach

Inniúlachtaí Digiteacha agus Uilechuimsitheacht Shóisialta Aosach sna Tionscail Chruthaitheachta a Fheabhsú

Is é is aidhm don tionscadal ná forbairt a dhéanamh ar chlár inbhuanaithe éifeachtach oideachais atá dírithe ar fhoghlaimeoirí aosacha ag a bhfuil leibhéal íseal scileanna digiteacha agus ar aosaigh ag a bhfuil leibhéal íseal cáilíochtaí acu, ar daoine iad atá ag obair in earnáil na dtionscal cruthaitheachta sa Rómáin, san Iodáil, san Ostair, sa Danmhairg, sa Liotuáin, sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. I measc na bpríomhthorthaí áirítear Cúrsaí MOOC (Cúrsaí Oscailte Ollmhóra Ar Líne) maidir le Scileanna Digiteacha agus Uilechuimsitheacht Shóisialta le haghaidh Tionscail Chruthaitheachta, ar cúrsaí iad a bhíonn ar fáil ar líne agus trí fhoghlaim chumaisc, an Mol Comhtháite d’Fhoghlaim Fhíorúil, lena n-áirítear aip nuálach shoghluaiste atá dírithe ar aosaigh ag a bhfuil leibhéal íseal scileanna acu agus atá i mbaol, an uirlis ríomh-mheasúnachta Scileanna Digiteacha agus Suaitheantais Oscailte le haghaidh Scileanna Digiteacha. Tabharfaidh na cúrsaí sin ar fad deiseanna tábhachtacha nua d’aosaigh ag a bhfuil leibhéal íseal scileanna acu chun rochtain a fháil ar eolas, scileanna nua digiteacha agus inniúlachtaí idirchultúir a ghnóthú agus feabhas a chur a gcuid seansanna chun fostaíocht a fháil nó chun feidhmíocht níos fearr a bhaint amach san fhostaíocht atá acu faoi láthair.


Tugann an tionscadal aghaidh ar bhearna san oideachas do na tionscail chruthaitheachta (CI) i gcásanna ina bhfuil béim íseal ar úsáid teicneolaíochtaí nua digiteacha agus ar fhiontraíocht (bainistíocht tionscadail) agus ina bhfuil easpa scileanna tábhachtacha ag daoine ar bronnadh céimeanna orthu agus ag daoine atá i bhfostaíocht faoi láthair.


Is mar a leanas a rinne an Coimisiún Eorpach an ganntanas scileanna digiteacha san Eoraip sa bhliain 2016 a thuairisciú in “Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Digiteach na hEorpa (EDPR)”: níl dóthain scileanna digiteacha nó níl aon scileanna digiteacha ag 45% de mhuintir na hEorpa. De réir an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) don bhliain 2017, tá difríochtaí móra ann idir na tíortha ar comhpháirtithe iad sa tionscadal seo. Is ag an Danmhairg atá ceann de na geilleagair dhigiteacha is mó forbairt san AE, tá an Liotuáin agus an Ostair i lár bail, ach tá na scórtha is ísle ag an Rómáin agus ag an Iodáil ar an DESI. De réir staidéir a rinneadh sna tionscail chultúir agus chruthaitheachta i bhfómhar na mblianta 2016 agus 2017 sna tíortha comhpháirtíochta, fuair tromlach mór scór bunleibhéil nó scór leibhéil ísil le haghaidh an 21 inniúlacht dhigiteach. Níl sé deacair na cúiseanna leis an nganntanas scileanna sin a shainaithint. Tá úsáid an idirlín agus uirlisí soghluaiste, sóisialta agus anailíseacha ag leathadh fud fad na dtionscal cultúir agus cruthaitheachta, ar réimsí iad sin ina raibh drogall go dtí le déanaí chun úsáid na dteicneolaíochtaí nua a ghlacadh chucu féin. De réir Eurostat 2017, is iad aosaigh óga de chuid na dTionscal Cruthaitheach, san aoisghrúpa 22-36, is mó atá i mbaol dífhostaíochta mar gheall ar easpa scileanna fiontraíochta agus scileanna digiteacha.


Tá sé mar aidhm ag tionscadal ‘DigiCulture - Inniúlachtaí Digiteacha agus Uilechuimsitheacht Shóisialta Aosach sna Tionscail Chruthaitheachta a Fheabhsú’ clár inbhuanaithe éifeachtach oideachais a chruthú agus é dírithe ar fhoghlaimeoirí aosacha ag a bhfuil leibhéal íseal scileanna, ar daoine iad atá ag obair sna tionscail chruthaitheachta sa Rómáin, san Iodáil, san Ostair, sa Danmhairg, sa Liotuáin, sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Díríonn an tionscadal ar oscailteacht agus ar uilechuimsitheacht san oideachas. Is é atá i gceist leis ná cúrsa oscailte ar líne agus soghluaiste, is é sin, Scileanna Digiteacha agus Uilechuimsitheacht Shóisialta le haghaidh Tionscail Chruthaitheachta, a úsáid agus a fhorbairt, agus é bunaithe mar Chúrsa Oscailte Ollmhór Ar Líne (MOOC), ar clár oideachais nuálach d’aosaigh é ina bhfuil 13 mhodúl atá ar fáil i mBéarla, i Rómáinis, i nGearmáinis, in Iodáilis, i nDanmhairgis agus i nGaeilge agus ina ndéantar Acmhainní Oideachais Oscailte (OER) a chomhtháthú, agus é ar fáil do dhaoine a bhfuil leibhéal teoranta scileanna digiteacha acu.


Tugann an chomhpháirtíocht ilchineálach ionaid oideachais aosaigh de chuid ollscoileanna teicniúla, ollscoileanna dán agus daonnachtaí, FBM-anna a bhfuil oilteacht acu i leith na ríomhfhoghlama agus na ndán, gairmithe i gcomhlachais ríomhfhoghlama agus comhlachais atá bainteach le Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 agus 2021 le chéile mar chomhpháirtithe agus mar chomhlachaithe.


Tá an tionscadal dírithe ar aosaigh óga atá dífhostaithe, ar bhaill foirne agus ar oibrithe deonacha de chuid Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa, ar aosaigh i dtionscail chruthaitheachta a bhfuil scileanna digiteacha íseal-leibhéil acu, gan spleáchas do shinsearacht, do thaithí nó do leibhéal ceardaíochta, agus ar gníomhaithe i réimse na ngníomhaíochtaí scileanna traidisiúnta, na músaem, na meán, na hailtireachta agus na ndaonnachtaí. I gcás cuid mhór gníomhaithe cultúir, ní bhíonn siad bainteach le haon institiúid fhoirmiúil ós rud é gur oibrithe neamhspleácha iad, gur daoine de chuid grúpaí faoi mhíbhuntáiste iad (dífhostaithe, daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte nó míchumais acu nó daoine a bhfuil fadhbanna eacnamaíochta acu) nó gur daoine de chuid grúpaí mionlaigh iad. Trí scileanna digiteacha a fháil feabhsófar a gcuid deiseanna gairmréime trí rochtain a sholáthar d’uirlisí nua margaíochta, do mhargaí nua dáileacháin trí rochtain ar an Idirlíon agus trí ríomhthráchtáil, agus trí fhéidearthacht a chur ar fáil i leith léiriú digiteach a chur san áireamh ina saothar.


Seo a leanas cuspóirí DigiCulture:

  1. Feabhas a chur ar an bhfeasacht faoin ngá le hoiliúint maidir le scileanna digiteacha le haghaidh na dtionscal cruthaitheachta
  2. Treoirlínte trastíre i leith Inniúlachtaí Digiteacha do na Tionscail Chruthaitheachta a dhearadh agus a bhailíochtú
  3. Mol Comhtháite d’Fhoghlaim Fhíorúil a chruthú mar shaoráid ar líne agus mar shaoráid shoghluaiste
  4. Cúrsa Scileanna Digiteacha agus Uilechuimsitheachta Sóisialta do na Tionscail Chruthaitheachta a dhearadh, a fhorbairt agus a chur ar fáil, agus OER (acmhainní oscailte oideachais) a bheith aistrithe go dtí teangacha na gcomhpháirtithe go léir, agus an cúrsa a bheith á chur ar fáil mar mheascán ina gcuimsítear cúrsa foghlama cumaisc agus cúrsa de chineál MOOC don spriocghrúpa agus é ar fáil go hiomlán ar líne.
  5. Feabhas a chur ar ghnóthachtáil scileanna digiteacha, agus ar an aitheantas a thugtar dóibh, ar mhodh foghlaim fhoirmiúil agus foghlaim neamhfhoirmiúil trí ríomh-mheasúnacht Scileanna Digiteacha agus Suaitheantais Oscailte a thabhairt isteach le haghaidh oideachas aosach sna tionscail chruthaitheachta
  6. Eispéiris shuimiúla éifeachtacha foghlama a sholáthar sa chúrsa Scileanna Digiteacha do na Tionscail Chruthaitheachta
  7. Feabhas a chur ar chomhoibriú idir soláthróirí oideachais, ollscoileanna, institiúidí agus cumainn a bhíonn ag plé le réimsí an chultúir agus na hoidhreachta, agus gníomhaithe, oibrithe agus oibrithe deonacha i réimse an chultúir
  8. Fianaise a sholáthar i dtaobh conas a rannchuidíonn gnóthachtáil, measúnacht agus bailíochtú scileanna digiteacha leis an líon daoine sna tionscail chruthaitheachta a rachaidh i mbun scileanna nua a fháil

Cuirfidh an tionscadal oiliúint dhíreach ar fáil do 1,200 duine, rud a dhéanfar ar líne agus ar mhodh foghlaim chumaisc. Beidh grúpa eile is gceist - is é sin, daoine atá bainteach le pobail áitiúla, le hionaid oideachais aosach, le hollscoileanna, le cumainn a thacaíonn le feabhsú scileanna digiteacha, leis an lucht déanta beartais agus le comhlachtaí rialtais de chineál áitiúil agus réigiúnach - ar grúpa suntasach é ina mbeidh 25,000 duine agus a gheobhaidh tairbhe ó ghníomhaíochtaí a bheidh á n-eagrú mar chuid den tionscadal.


Ag deireadh ré DigiCulture, beidh na huirlisí agus na hábhair go léir faoi réim An Cheadúnais Creative Commons atá ar fáil ar líne nó ar aip DSC atá ar fáil do gach duine. Nuair a bheidh ré an tionscadail thart, leanfaidh na comhpháirtithe go léir den obair seo a chur chun cinn.


Ré an tionscadail:1 Deireadh Fómhair 2018 – 31 Márta 2021


Comhpháirtithe
UPT POLITEHNICA UNIVERSITY OF TIMISOARA, An Rómáin
UNIROMA3 UNIVERSITA DEGLI STUDI ROMA TRE, An Iodáil
AAU AALBORG UNIVERSITET, An Danmhairg
UNI GRAZ UNIVERSITAET GRAZ, An Ostair
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), Éire
TM2021 Asociatia Timisoara Capitala Culturala Europeana, An Rómáin
JME Associates Ltd, An Ríocht Aontaithe
AN CUMANN NÁISIÚNTA CIANOIDEACHAIS (NADE), An Liotuáin

Summary

DigiCulture (Improving the Digital Competences and Social Inclusion of Adults in Creative Industries) created a sustainable and accessible online course focused on openness and inclusivity and aimed at low digital skilled adult learners in the creative industries (CI)  from Romania, Italy, Austria, Denmark, Lithuania, UK and Ireland.

  

The project addressed the low emphasis in CI education on the use of digital technologies, with recent graduates and existing employees lacking important skills. The recent pandemic proved to be especially challenging for CI stakeholders but evaluation of our project suggests that it helped improve digital skills, employability, creativity and marketability.

Its development was based on EU DigComp 2.1, and each course included the development of 2-5 digital competences to at least basic level. The diverse partnership comprised adult education centres from arts, humanities and technical universities, SMEs with expertise in art and eLearning and professionals in eLearning and cultural associations.

The project targeted young unemployed adults, staff and volunteers in European Capitals of Culture, adult workers with low digital skills at all levels in creative industries, actors, artists and volunteers in traditional activities (dancers, painters, wood and ceramic workers), museums, media, architecture, humanities, cultural and heritage organizations, traditional fairs, freelance performers (musicians, actors), members of disadvantaged and minority groups, stakeholders in creative industries, museums, architecture, humanities, adult education centres, universities, associations which support enhancing digital skills, and local and regional associations and departments. 

We reached 24.871 individuals from these categories through information and dissemination and involved them in various activities.

 

All project objectives were fully or partially met:

  1.  enhance awareness of the need for training in digital skills for CI
  2.  design and validate cross-country Guidelines for Digital Competences for /CI
  3.  create an Integrated Virtual Learning Hub 
  4.  design and develop a Digital Skills and Social Inclusion for Creative Industries Course (DSC), delivered through blended learning and as a fully online MOOC for the target group, with OERs translated into all partner languages.
  5.  improve the achievement and recognition of digital skills through formal and informal learning by introducing e-assessment and Open Badges for adult education in CI
  6.  provide engaging and effective learning experiences 
  7.  enhance collaboration between education providers, universities, cultural and heritage institutions and associations, cultural actors, workers and volunteers
  8.  provide evidence about how achievement, assessment and validation of digital skills contributes to the uptake of new skills in creative industries

Outcomes include the DSC MOOC, with 13 modules available in EN, RO, DE, IT, LT, DA and GA (98 courses in 7 languages), available online and through blended learning, the Integrated Virtual Learning Hub including new Open Education Resources (OER) and accessible to people with limited digital skills, and validation through e-assessment leading to Open Badges and Certificates for Digital Skills. 

The DSC modules are:

An tIdirlíon, an Gréasán Domhanda agus buneolas faoin domhan digiteach

Digital content & Publishing

Cosaint Sonraí agus Ceadúnais Oscailte

Coimeádaíocht Dhigiteach - Leabharlanna Digiteacha agus Músaeim Dhigiteacha

Sábháilteacht, Slándáil agus Eitic Dhigiteach

Scéalaíocht dhigiteach

Meáin shóisialta i leith Cultúir 

Digital audiences, Digital analytics

Augmented and Virtual Reality – Immersive experiences

Aipeanna Fón Póca agus Eispéiris Úsáideoirí Fón Póca

Digital management in culture

Cumarsáid Dhigiteach agus Cuir i Láthair

Uirlisí meán digiteach ar líne agus soghluaiste (clos-amharc)

 

They provided new opportunities for the 1,574 learners involved to access knowledge, gain new digital skills and intercultural competences and improve their chances of finding employment or performing better in their current employment through 1,174 open badges and certificates.

 

Other results 

  • New OERs created in the DSC MOOCs 153 
  • NEETs adults trained in DSC 167
  • Unique visitors and 102 posts on project website 6,554 
  • Unique hub users 5,637 
  • Self assessments 56,000 
  • Open Credentials (Badges and Certificates) 1,174 
  • YouTube view 893 
  • Twitter followers 193 
  • Multiplier events  6
  • Dissemination events 120
  • Leaflets or promotional materials distributed 22,470
  • Published papers in conferences and journals 16  
  • Stakeholders reached 24,733 
  • Transferable initiatives 25
  • Facebook reach 28,336
  • Countries reached 60