Diana Andone

Dr.ing. Is í Diana Andone Stiúrthóir Ionad ríomh-Fhoghlama Ollscoil Ilcheardach Timisoara agus tá freagracht uirthi i ndáil le ríomh-Fhoghlaim a phleanáil agus a chur i bhfeidhm. Tá sí i gceannas ar an meitheal a d’fhorbair Campas Fíorúil duaisbhuaiteach na hollscoile, is é sin, CVUPT, agus a dheimhníonn comhtháthú CVUPT ó lá go lá. Ina theannta sin, is léachtóir í in Ollscoil Ilcheardach Timisoara agus bíonn sé ag plé le réimse na n-ilmheán, na teicneolaíochta idirghníomhaí agus na teicneolaíochta gréasáin. Tá sí an-díograiseach i leith rochtain a bheith ar fáil ar theicneolaíochtaí gach áit agus i leith na slí inar féidir teicneolaíochtaí a úsáid chun saol daoine a fheabhsú.