Mark Brown

Is é Mark Brown an chéad Ollamh le Foghlaim Dhigiteach de chuid na hÉireann agus is é Stiúrthóir na hInstitiúide Náisiúnta im Fhoghlaim Dhigiteach (NIDL) é in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Is Ánra agus Ball Feidhmiúcháin de chuid an Ghréasáin Eorpaigh Cianfhoghlama agus ríomh-Fhoghlama (EDEN) é agus fónann sé ar Bhord Maoirseachta an Chomhlachais Eorpaigh Ollscoileanna Cianteagaisc (EADTU). Ina theannta sin, le 4 bliana anuas, tá sé tar éis feidhmiú mar chathaoirleach ar Choiste Stiúrtha Múinteoireachta agus Foghlama an Chuibhreannais Eorpaigh Ollscoileanna Nuálacha (ECIU). Roimhe seo ba é Mark Stiúrthóir an Ionaid Náisiúnta Múinteoireachta agus Foghlama in Ollscoil Massey áit inar fhóin sé freisin mar Uachtarán ar Chumann na Nua-Shéalainne le haghaidh Foghlaim Oscailte agus Sholúbtha agus Cianfhoghlama (DEANZ). Bhí róil thábhachtacha ceannaireachta aige maidir le cur i bhfeidhm múnlaí nua múinteoirechta agus foghlama ar fud na hollscoile agus tá méid forleathan ábhair foilsithe aige i réimsí an Oideachais Cumaisc, an Oideachais Ar Líne agus an Oideachais Dhigití. Is é Mark Cathaoirleach Chomhdháil Dhomhanda ICDE maidir le Foghlaim Ar Líne a bheidh á seoladh i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2019.