Caitríona Nic Giolla Mhichíl

Faoi láthair, tá comhordú á dhéanamh ag Caitríona Nic Giolla Mhichíl ar thionscadal ‘Fáilte ar Líne’ DCU trína ndéantar cúrsaí faoin nGaeilge agus faoi chultúr na hÉireann a chur ar fáil do na mílte foghlaimeoirí domhanda. Bhí Caitríona ag obair, le tamall de bhlianta, le ceann de phríomheagraíochtaí cultúir na hÉireann, Gael Linn, áit ina ndearna sí cúrsaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.