Aschur 6 – Measúnú ar éifeachtacht an Chúrsa maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir, ar Dheimhniú Cáilíochta agus ar Inbhuanaitheacht

O6 Measúnú ar éifeachtacht an Chúrsa maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir, ar Dheimhniú Cáilíochta agus ar Inbhuanaitheacht

Baineann an t-aschur seo le measúnú, deimhniú cáilíochta agus inbhuanaitheacht an tionscadail agus a chuid torthaí.

Tá an straitéis measúnaithe maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir ina cuid den mhodheolaíocht innealtóireachta soch-chognaíche (Sharples, 2002) a chuirtear i bhfeidhm ar fud an tionscadail seo agus is próiseas leanúnach é. Cuimseoidh an measúnú trí chéim éagsúla agus cuirfear i bhfeidhm é i ndáil le gach aschur: measúnú an choincheapa agus na dtreoirlínte (O1), tástáil an VLH i gcomparáid lena riachtanais féin maidir le hinúsáidteacht (O2); measúnú Churaclaim agus Ábhar an Chúrsa i gcomparáid le riachtanais an spriocghrúpa (O3), measúnú na n-uirlisí ríomh-mheasúnachta le haghaidh scileanna digiteacha i gcomparáid lena riachtanais shonracha (O4) agus measúnú éifeachtacht na gcúrsaí píolótacha ó thaobh fheabhsú scileanna digiteacha na n-aosach lena mbaineann (O5).

Is é atá sa sainmhíniú ar éifeachtacht ná spriocanna úsáideora a bhaint amach. I gcás na foghlama ar líne, tá cuid mhór uirlisí agus teicníochtaí ann a úsáidtear chun éifeachtacht a mheasúnú (Andone, 2012; Mosakhani, 2010).

Déanfar measúnú ar éifeachtacht an chúrsa agus na gcéimeanna píolótacha a sheoladh go leanúnach agus díreofar ar nithe a dhéanann difear díreach d’éifeachtacht MOOC: Idirghníomhaíocht, Comhoibriú, Oideolaíocht, Ábhar, Teicneolaíocht, Inúsáidteacht, Spreagadh, Measúnacht agus Tacaíocht d’fhoghlaimeoirí. Bainfear úsáid as meascán modhanna, idir cháilíochtúil agus chainníochtúil, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht chun tuiscint níos fearr a fháil ar dhearcadh na rannpháirtithe faoi éifeachtacht MOOC-anna. Áireoidh siad sin ceistneoir ar líne chomh maith le léargais cháilíochtúla maidir le heispéiris na rannpháirtithe le linn an chúrsa, ar léargais iad a gheofar ar mhodh teistiméireachtaí, agallamh agus fócasghrúpaí. Gheofar comhthacaíocht ina leith sin ó thorthaí na tuarascála ar anailísíocht foghlama (O2) chun pictiúr iomlán a chruthú don tuarascáil deiridh measúnaithe.

Tá obair an aschuir seo roinnte ina ceithre ghníomhaíocht - an Creat Deimhnithe Cáilíochta (6.1), an Creat Measúnaithe foriomlán (6.2), measúnú ar éifeachtacht an chúrsa agus na gcéimeanna píolótacha (6.3) agus an Plean Inbhuanaitheachta (6.4). Tá na gníomhaíochtaí sin thar a bheith tábhachtach chun rath an tionscadail a chinntiú agus treoróidh siad an obair laistigh den tionscadal ach, chomh maith leis sin, feidhmeoidh siad mar threoir don phobal cultúir agus oidhreachta i gcoitinne agus do gheallsealbhóirí ó fhearainn eile ar spéis leo ceapadh nó cur i bhfeidhm beartais i réimse an oideachais aosach trí bhíthin inbhuanaitheacht thorthaí an tionscadail lena mbaineann.

Cuireann an t-aschur seo coincheapa i bhfeidhm a bhaineann le réimse theoiric na nuálaíochta, amhail an cur chuige ‘pobal nuálaíochta’ maidir le creat deimhnithe cáilíochta a shainiú agus an múnla ‘scaipeadh nuálaíochta’ maidir le forbairt an Phlean Inbhuanaitheachta (Rogers, 1995; von Hippel, 1985).

An Cineál Aschuir: Modheolaíochtaí/treoirlínte - Modh agus uirlis measúnaithe

O6.1 An Creat Deimhnithe Cáilíochta

Sainíonn an ghníomhaíocht seo creat deimhnithe cáilíochta le haghaidh chur i bhfeidhm an tionscadail ar fad agus a chuid comhchodanna. Is rud fíorthábhachtach é deimhniú cáilíochta le linn aon idirghabháil foghlama a dhearadh ach is amhlaidh an scéal go háirithe i gcás OER-anna. MOOC-anna agus aon chineál oideachais oscailte nó cianoideachais i gcás ina mbeidh rochtain á fáil ag mic léinn ar ábhair gan treoir ó mhúinteoir.

Áireoidh an mhodheolaíocht na nithe seo a leanas:

– dearadh caighdeán deimhnithe cáilíochta le haghaidh comhchodanna aonair den tionscadal (go háirithe O1.2, O2.2, O4.1 agus O5.3)

– próiseas deimhnithe cáilíochta a dhearadh chun caighdeáin cháilíochta a nascadh agus a chomhtháthú le gach céim d’fhorbairt aschur intleachtúil e.g. trí mhodheolaíocht éifeachtach deartha agus forbartha a chur i bhfeidhm, amhail forbairt aclaí cháilíocht-bhunaithe, piara-athbhreithnithe ar athleaganacha agus ar thorthaí deiridh agus, chomh maith leis sin, próiseas ardchaighdeáin cur i bhfeidhm agus gníomhaíochtaí ceartúcháin ionchasacha

– measúnú démhíosúil ar cháilíocht na hoibre sa tionscadal agus tuarascálacha faoi thorthaí d’fhonn cur i bhfeidhm an tionscadail a fheabhsú.

Clocha míle:

O6.1.1. Caighdeáin deimhnithe cáilíochta a dhearadh

O6.1.2. An próiseas deimhnithe cáilíochta a dhearadh

O6.1.3. Ionstraimí measúnaithe a dhearadh agus tuarascálacha tréimhsiúla faoi dhul chun cinn mar threoir i leith chur i bhfeidhm an tionscadail

I gceannas: JMEA

Rannpháirtithe: gach dream

O6.2 An Creat Measúnaithe

Murab ionann agus QA, ar rud leanúnach é, tá measúnú tionscadail eipeasóideach agus beidh gá lena dhéanamh ag deireadh an tionscadail agus ag céimeanna tábhachtacha le linn an tionscadail (go háirithe O2.5, O3.4, O5.3 agus O5.4). Úsáidfear sonraí a bheidh bailithe go hinmheánach agus cuirfear na sonraí sin i gcomparáid le faisnéis ó acmhainní eile.

Déanfar measúnú ag deireadh gach uile idirghabháil a bhaineann le páirtithe seachtracha de chuid na spriocghrúpaí a bhfuil an tionscadal in ainm a bheith ag cabhrú leo (O5.2, O5.3 agus O5.4).

Déanfar measúnú trí úsáid a bhaint as agallaimh ‘aghaidh ar aghaidh’ agus as fócasghrúpaí le linn cruinnithe tionscadail agus as idirghabhálacha eile agus trí bhíthin uirlisí ar líne (suirbhéanna) chun teacht ar shamplaí níos mó.

Mar chuid den mheasúnú deiridh ag deireadh an tionscadail, áireofar measúnú i dtaobh an bhfuil an tionscadal cost-éifeachtach, an féidir é a leathnú agus a mhacasamhlú i réimsí eile agus an bhfuil sé féinchothaitheach.

Ar mhaithe leis an measúnú deiridh, féadfaidh an tionscadal sainchomhairleoir nó eagraíocht sheachtrach a fhostú chun dearcadh úrnua a chur ar fáil faoi ghnóthachtáil an tionscadail.

Clocha míle:

O6.2.1 Eipeasóidí measúnaithe a shainaithint

O6.2.2 Uirlisí measúnaithe chainníochtúil a dhearadh

O6.2.3 Uirlisí measúnaithe cháilíochtúil a dhearadh

O6.2.4 An measúnú deiridh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm

I gceannas: JMEA

Rannpháirtithe: gach dream

O6.3 Éifeachtacht an Chúrsa maidir le Scileanna Digiteacha i leith Cultúir

Chun measúnú a dhéanamh an gcúrsa agus ar na céimeanna píolótacha ar bhonn an mhodha soch-innealtóireachta bainfimid úsáid freisin as meascán modhanna cáilíochtúla agus cainníochtúla chun an cúrsa a mheasúnú agus, chomh maith leis sin, chun dearcadh rannpháirtithe a bhailiú maidir le héifeachtacht MOOC-anna i gcoitinne (O3.4 agus O3.5). Chuige sin, úsáidfear ceistneoir ar líne ina mbeidh cineálacha éagsúla ceisteanna agus, ina theannta sin, úsáidfear uirlisí cáilíochtúla chun tuairimí faoi eispéiris le linn an chúrsa a bhailiú, lena n-áirítear teistiméireachtaí, agallaimh agus fócasghrúpaí. Cuirfear an measúnú i bhfeidhm maidir le cúrsaí na gcomhpháirtithe ar fad agus maidir le gach teanga i leith cur i bhfeidhm ar líne go hiomlán agus cur i bhfeidhm foghlama cumaisc. Is é atá sa sprioc dheiridh ná measúnú agus bailíochtú a dhéanamh i dtaobh cén ceann de na modhanna múinteoireachta a úsáidtear (go hiomlán ar líne nó foghlaim chumaisc) is oiriúnaí chun oideachas aosach a sholáthar ar mhaithe le feabhsú scileanna digiteacha.

Clocha míle:

O.6.3.1. Plean measúnaithe a cheapadh don chúrsa maidir le Scileanna Digiteacha

O6..3.2 Measúnú Cainníochtúil a chur i bhfeidhm

O.6.3.3. Measúnú Cáilíochtúil a chur i bhfeidhm

O.6.3.4. An Tuarascáil ar Mheasúnú

I gceannas: JMEA

Rannpháirtithe: gach dream

O6.4 Plean Inbhuanaitheachta

Tá an ghníomhaíocht seo dírithe ar phlean inbhuanaitheachta a fhorbairt do thorthaí an tionscadail tar éis shaolré an tionscadail, lena n-áirítear comhthathú isteach i mbeartais náisiúnta agus i mbeartais AE. Tá an mhodheolaíocht atá a húsáid bunaithe ar choincheapa ábhartha de chuid na teoirice nuálaíochta, lena n-áirítear scaipeadh nuálaíochta agus glacadh múnlaí nuálaíochta.

Déanfar bailíochtú na straitéise a bhaint amach trí mhodhanna éagsúla amhail suirbhéanna, ceardlanna agus cruinnithe poiblí. Beidh an plean inbhuanaitheachta deiridh dírithe ar cheannaireacht, ar chuspóirí, ar straitéisí, ar chianrochtain agus ar ghníomhaíochtaí. Forbrófar an plean inbhuanaitheachta i gcomhthráth leis an bplean deimhnithe cáilíochta agus beidh príomheagraíochtaí beartais laistigh agus lasmuigh den chomhpháirtíocht bainteach leis an obair sin, amhail TM2021, EDEN, Rijeka2020, NoviSad2021, Kaunas2022, Fondazione Idis-Città della Scienza na hIOdáile, Foundation InterArt Triade, Foundation ArtEncounters, European Architects Association, Network of European Museum Organisations (NEMO), etc.

Clocha míle:

6.4.1 Plean Inbhuanaitheachta a Dhearadh

6.4.2 An Plean a scaipeadh laistigh den chomhpháirtíocht

6.4.3 An Plean a scaipeadh chuig eagraíochtaí seachtracha

I gceannas: JMEA

Rannpháirtithe: gach dream

FÁG FREAGRA

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Tá na réimsí éigeantacha marcáilte le *.

Úsáidtear Akismet ar an suíomh seo chun turscar a laghdú. Faigh amach faoin tslí ina bpróiseáiltear do thuairim.