University of Roma Tre

Bunaíodh University of Roma Tre sa bhliain 1992 agus is é seo an ollscoil is óige sa Róimh le timpeall 40,000 mac léinn ag freastail air. Tá fás tapa tar éis teacht air maidir le líon na ndaoine atá ag freastail air chomh maith le líon na gcúrsaí acadúla atá á sholáthar. Tá cáil bainte amach ag an ollscoil sa rangú acadúla is iomráití, go háirithe i measc na n-institiúidí a bunaíodh le déanaí. Tá Roma Tre University eagraithe i 12 roinn agus cuireann sé céimeanna baitsiléara agus máistreachta, cúrsaí Iarchéime agus ardchúrsaí chomh maith le cláir PhD agus scoileanna speisialaithe ar fáil.

Tá The Centre for Museum Studies (CDM) lonnaithe sa Roinn Oideachais in Roma Tre University agus bunaíodh é sa bhliain 1994 chun úsáid níos dírithe ar oidhreacht mhúsaem san Iodáil a spreagadh, do chúiseanna oideachasúla ach go háirithe. Mar sin de, bíonn The Centre for Museum Studies de shíor ag déanamh taighde i réimse an oideachais mhúsaeim, le béim faoi leith ar riachtanais cuairteoirí agus iad ag breathnú le haghaidh comhoiriúnach le gach tairiscint ón músaem. Is ball institiúideach den Committee for Education and Cultural Action (CECA), International Council of Museums (ICOM) (ó Shamhain 2011) é CDM. Tá The Centre for Museum Studies tar éis go leor obair a dhéanamh ar chomhthionscadail a dhíríonn ar phróifílí na gcuairteoirí agus an gaol idir an t-oideachas agus an oidhreacht le níos mó ná caoga músaem Iodálach. Anuas air sin, tá se tar éis tionscadail a chur i gcrích chun cláir oideachais a leagadh amach i gcomhar le go leor institiúidí idirnáisiúnta.