Ollscoil Ilcheardach Timisoara

Bunaíodh Ollscoil Ilcheardach Timisoara i Samhain na bliana 1920 trí ordú an rí. Anois, tá 10 ndámh (a chlúdaíonn na réimsí teicniúla ar fad), foireann teagaisc de thart ar 950 duine, foireann riaracháin de thart ar 950 agus timpeall 15,000 mac léinn ag an ollscoil. Cuireann an ollscoil céimeanna baitsiléara san innealtóireacht ar fáil, céimeanna máistreachta agus céimeanna dochtúireachta. Bhunaigh an ollscoil go leor ionad éagsúla cosúil le: the Multimedia Centre, the Centre for Continuing Education agus the eLearning Centre chomh maith lena stiúideo teilifíse féin, TeleUniversity. 

Tá forbairt tagtha ar the eLearning Centre agus tacaíonn sé leis an timpeallacht oscailte nuálach ar líne ViCaDiS - a Virtual Campus for Digital Students, atá tiomnaithe do chúrsaí oscailte idirnáisiúnta, soghluaisteachtaí fíorúla agus cúrsaí traenála ar líne d’earnáil na tionsclaíochta.

Tá an-chuid saineolais ag The Multimedia Centre sna rudaí seo a leanas: teicneolaíochtaí ilmheán, forbairt feidhmchláir don ghréasán agus d’uirlisí móibíleacha, bogearraí sóisialta don timpeallacht ar líne, Web 2.0, chomh maith le taighde i réimsí cosúil le haithint íomhánna, sonraí oscailte, réaltacht bhreisithe agus cathracha cliste.

Ba é an comhoibriú le comhpháirtithe tionscail (comhpháirtithe san ICT Cluster, Automotive Cluster agus the Tehlmpuls Technology Transfer Association) a chabhraigh leis an bhforbairt a tháinig ar an oideachas nua, solúbtha a thacaíonn go leanúnach le daoine óga. Comhoibríonn UPT le Timisoara StartUp Hub ar mhaithe le daoine proifisiúnta a spreagadh chun scileanna fiontraíochta a shealbhú agus chun a ngnólachtaí beaga féin a fhorbairt. Is iad na heintitis seo, mar aon leis na hacadóirí speisialaithe atá bainteach leis an tionscadal seo.

Tá na heintitis seo go léir ag comhoibriú ar mhaithe le ceann de phríomhaidhmeanna na hollscoile a bhaint amach agus is é sin traenáil agus oideachas a chur ar fáil do dhaoine fásta trí mhodhanna aitheantas foghlama neamhfhoirmiúil.