{"id":1747,"date":"2019-01-20T17:44:24","date_gmt":"2019-01-20T17:44:24","guid":{"rendered":"https:\/\/digiculture.eu\/wordpress\/?p=1747"},"modified":"2020-05-27T15:50:33","modified_gmt":"2020-05-27T12:50:33","slug":"output-1","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/output-1\/","title":{"rendered":"Aschur 1 \u2013 Treoirl\u00ednte Coincheap\u00fala maidir le hInni\u00falachta\u00ed i leith Cult\u00fair"},"content":{"rendered":"<h1><a name=\"_Toc526260585\"><\/a>O1 Treoirl\u00ednte Coincheap\u00fala maidir le hInni\u00falachta\u00ed i leith Cult\u00fair<\/h1>\n<blockquote><p><strong>NUA<\/strong>&nbsp;T\u00c1 <a href=\"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/survey\/\">an Suirbh\u00e9 Ar L\u00edne maidir le Cult\u00far Digiteach ar f\u00e1il<\/a> ar l\u00edne anois!<\/p><\/blockquote>\n<p>T\u00e1 coincheap na nInni\u00falachta\u00ed agus na Scileanna Digiteacha an-t\u00e1bhachtach i mbeartais Eorpacha a bhaineann le r\u00e9imse an oideachais. T\u00e1 na sainmh\u00ednithe is d\u00e9ana\u00ed ar Inni\u00falachta\u00ed agus Scileanna Digiteacha le f\u00e1il in DigComp 2.0 (at\u00e1 bunaithe ar DigComp 2.0: An Tuarasc\u00e1il ar Chreat Inni\u00falachta\u00ed Digiteacha do Shaor\u00e1naigh (Vorikari, Punie, 2016) le JRC Science). Baintear leas as na c\u00faig r\u00e9imse seo a leanas mar threoir don tionscadal seo: faisn\u00e9is agus litearthacht sonra\u00ed, cumars\u00e1id agus comhoibri\u00fa, cruth\u00fa \u00e1bhair dhigitigh, s\u00e1bh\u00e1ilteacht, agus r\u00e9iteach fadhbanna. D\u00e9antar na c\u00faig r\u00e9imse scileanna digiteacha sin a mhiondeal\u00fa ina 21 inni\u00falacht dhigiteach.<\/p>\n<p>Tr\u00edd an aschur intleacht\u00fail seo, f\u00e9achfar leis an m\u00e9id seo a leanas a shainaithint:<\/p>\n<ol>\n<li>c\u00e9 acu den 21 inni\u00falacht a bhfuil an bhaint is m\u00f3 acu leis an earn\u00e1il chult\u00fair agus oidhreachta,<\/li>\n<li>c\u00e9 acu de na scileanna at\u00e1 ag teast\u00e1il ag leibh\u00e9il \u00e9ags\u00fala oibre agus i r\u00e9ims\u00ed \u00e9ags\u00fala cult\u00fair,<\/li>\n<li>conas is f\u00e9idir na scileanna a ghn\u00f3th\u00fa tr\u00ed ch\u00farsa MOOC ar l\u00edne n\u00f3 tr\u00ed ch\u00farsa foghlama cumaisc,<\/li>\n<li>conas is f\u00e9idir modheola\u00edocht oideachais oscailte a chur i bhfeidhm i leith na hearn\u00e1la seo<\/li>\n<li>conas is f\u00e9idir le Suaitheantais Oscailte rannchuidi\u00fa le scileanna digiteacha gn\u00edomhaithe cult\u00fair agus oidhreachta a fheabhs\u00fa agus a bhail\u00edocht\u00fa<\/li>\n<li>cad iad na nithe nach m\u00f3r iad a chur san \u00e1ireamh i leith gn\u00edomhaithe cult\u00fair agus oidhreachta agus i leith institi\u00faid\u00ed ardoideachais a bhfuil oili\u00faint ar si\u00fal acu i nd\u00e1il leis na scileanna lena mbaineann?<\/li>\n<li>cad iad na coincheapa, na cuir chuige agus na modhanna oideola\u00edochta agus foghlama teicneola\u00edocht-fheabhsaithe is m\u00f3 a bhfuil gealladh f\u00fathu i dtaca le scileanna digiteacha n\u00edos fearr a bhaint amach a mh\u00e9id a bhaineann le gn\u00edomhaithe cult\u00fair agus oidhreachta?<\/li>\n<li>Conas is f\u00e9idir le c\u00farsa\u00ed de chine\u00e1l MOOC feabhas a chur ar scileanna digiteacha<\/li>\n<li>conas is f\u00e9idir na treoirl\u00ednte seo a aistri\u00fa chuig earn\u00e1lacha eile amhail turas\u00f3ireacht?<\/li>\n<\/ol>\n<p>T\u00e1 mic l\u00e9inn agus oideoir\u00ed tar \u00e9is glacadh go tapa le C\u00farsa\u00ed Oscailte Ollmh\u00f3ra Ar L\u00edne (MOOC-anna) agus t\u00e1 l\u00edon m\u00f3r \u00fas\u00e1ideoir\u00ed i gceist. T\u00e1 MOOC-anna ina gcuid dh\u00edlis d\u2019fheinim\u00e9in na nAcmhainn\u00ed Oideachais Oscailte (OER-anna) agus t\u00e1 siad i measc na dt\u00e1irg\u00ed is spreag\u00fala a bhfuil baint acu leis na hAcmhainn\u00ed sin agus is uirlis\u00ed iad a bhfuil r\u00f3l n\u00edos m\u00e9adaith\u00ed n\u00e1 riamh acu i mbeartais oideachais cuid mh\u00f3r t\u00edortha. Tar \u00e9is na n-eisp\u00e9ireas tosaigh i leith c\u00farsa\u00ed saor in aisce den s\u00f3rt sin, th\u00e1inig roinnt criticeoir\u00ed chun cinn (Daniel 2012, Dillahunt et al. 2014, Hollands &amp; Tirthali 2014, Rohs &amp; Ganz 2015, Schuwer er al. 2015). Tharraing na daoine sin aird go formh\u00f3r ar na saincheisteanna seo a leanas: na r\u00e1ta\u00ed luathfh\u00e1g\u00e1la, rannph\u00e1irt\u00edocht \u00edseal i dTr\u00ed\u00fa T\u00edortha, easpa d\u00e9ine oideola\u00edochta maidir le dearadh MOOC-anna, mar aon le heaspa crit\u00e9ar c\u00e1il\u00edochta (Stracke, 2014). D\u00e1 ainneoin sin ar fad, a bhu\u00ed le scaipeadh MOOC-anna agus lena \u00e9asca at\u00e1 s\u00e9 iad a \u00fas\u00e1id, is f\u00e9idir leo a bheith ina n-uirlis sh\u00e1rmhaith maidir le cur chun cinn cumas agus inni\u00falachta\u00ed at\u00e1 bainteach le saol na hoibre, leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus le huathfhoghlaim.<\/p>\n<p>Le cuid mh\u00f3r blianta anuas, t\u00e1 sp\u00e9is \u00e1 l\u00e9iri\u00fa ag institi\u00faid\u00ed cult\u00fair agus ag m\u00fasaeim i gcur chun cinn na hoidhreachta eala\u00edne agus cult\u00fair tr\u00ed bh\u00edthin cine\u00e1lacha nua teicneola\u00edochta, go h\u00e1irithe i r\u00e9imse na cianfhoghlama agus na foghlama digit\u00ed. Mar thoradh ar \u00fas\u00e1id a bhaint as MOOC-anna, t\u00e1 deis ag r\u00e9imse an oideachais cult\u00fair agus oidhreachta d\u2019aosaigh chun na r\u00e9ims\u00ed comhth\u00e1th\u00fach\u00e1in i dtaca le teicneola\u00edochta\u00ed nua de a leathn\u00fa agus, ag an am c\u00e9anna, chun forbairt a dh\u00e9anamh ar theicn\u00edochta\u00ed nua m\u00fainteoireachta d\u2019\u00fas\u00e1ideoir\u00ed \u00e9ags\u00fala. Sa bhliain 2013, chruthaigh M\u00fasaem Nua-Eabhrac na hEala\u00edne Nua-Aimseartha (MoMA) MOOC a bh\u00ed d\u00edrithe ar oibreoir\u00ed agus ar oideoir\u00ed m\u00fasaeim. Thar an gc\u00e9ad cheithre seachtaine a raibh s\u00e9 ar f\u00e1il, bh\u00ed s\u00e9 in ann 17,000 \u00fas\u00e1ideoir a mhealladh \u00f3 gach \u00e1it ar an domhan (Mazzola, 2013). Sa bhliain 2015, chuir Ollscoil Leicester t\u00fas MOOC dar teideal \u201cBehind the scenes at the 21st Century Museum\u201d ar d\u00f3cha ina leith gurbh \u00e9 an ch\u00e9ad sampla \u00e9 de ch\u00farsa inrochtana ar l\u00edne, ar c\u00farsa \u00e9 a crutha\u00edodh le taca\u00edocht \u00f3 Mh\u00fasaem N\u00e1isi\u00fanta Learphoill. Thug an tionscadal sin suntas don t\u00e1bhacht a bhaineann le bainist\u00edocht chomhroinnte idir m\u00fasaeim agus Ollscoileanna le linn na MOOC-anna a phlean\u00e1il agus a chur i bhfeidhm. Chuir modheola\u00edocht den s\u00f3rt sin feabhas suntasach ar ch\u00e1il\u00edocht an \u00e1bhair a bh\u00ed beartaithe agus, ar mhodh n\u00edos leithne, ar mhodhanna teagaisc i m\u00fasaeim agus in institi\u00faid\u00ed acad\u00fala (Parry et al., 2016).<\/p>\n<p>Ba \u00e9 ab aidhm do chomhth\u00e1th\u00fa acmhainn\u00ed agus deiseanna digiteacha isteach san oideachas (go h\u00e1irithe i r\u00e9imse an chult\u00fair agus na hoidhreachta) n\u00e1 aird a tharraingt orthu i gcomhth\u00e9acs na foghlama sa 21\u00fa haois. Ina saothar dar teideal \u201c21st Century Skills: Learning for Life in Our Times\u201d (2009), crutha\u00edonn Trilling agus Fadel creat tras-scileanna a bhfuil g\u00e1 leo chun an tsocha\u00ed a ullmh\u00fa le haghaidh r\u00e9altachta\u00ed casta an 21\u00fa haois.<\/p>\n<p>Maidir leis na 4 scil - smaointeoireacht chritici\u00fail, cruthaitheacht, cumars\u00e1id agus comhoibri\u00fa - t\u00e1 baint ar leith acu le hearn\u00e1il an chult\u00fair agus na hoidhreachta \u00f3s rud \u00e9 go bhfuil an earn\u00e1il sin an-oiri\u00fanach i leith na ceithre scil sin a chomhth\u00e1th\u00fa isteach san oideachas. Tr\u00ed oideachas maidir le cult\u00far agus oidhreacht, moltar d\u2019fhoghlaimeoir\u00ed aosacha smaointeoireacht a dh\u00e9anamh ar bheala\u00ed nua rud a spreagann cruthaitheacht. Ina theannta sin, is minic a chuirtear oideachas cult\u00fair agus oidhreachta ar f\u00e1il ar mhodh comhoibr\u00edoch, mar shampla nuair a fheidhm\u00edonn foghlaimeoir\u00ed in \u00e9ineacht lena ch\u00e9ile n\u00f3 nuair a ullmha\u00edonn siad cur i l\u00e1thair ar mhodh comhph\u00e1irteach.<\/p>\n<p>An Cine\u00e1l Aschuir: Modheola\u00edochta\u00ed\/treoirl\u00ednte - Creat modheola\u00edoch maidir le cur i bhfeidhm<\/p>\n<h2><a name=\"_Toc526260586\"><\/a>O1.1   Creat Coincheap\u00fail i leith inni\u00falachta\u00ed digiteacha le haghaidh cult\u00fair agus oidhreachta<\/h2>\n<p>Tugtar aghaidh ar shaincheisteanna a thagann chun cinn agus a bhaineann le nu\u00e1la\u00edocht agus le comhth\u00e1th\u00fa acmhainn\u00ed agus deiseanna digiteacha isteach san oideachas cult\u00fair agus oidhreachta agus f\u00f3nann s\u00e9 mar bhonn teoirici\u00fail le haghaidh na comhph\u00e1irt\u00edochta, is \u00e9 sin, le linn an tionscadail agus nuair a bheifear ag lean\u00faint den obair nuair a bheith r\u00e9 an tionscadail thart.<\/p>\n<p>Eilimint\u00ed de chuid an chreata (n\u00ed liosta ioml\u00e1n \u00e9 seo):<\/p>\n<p>-Na f\u00e9idearthachta\u00ed a ghabhann le hoideachas cult\u00far agus oidhreachta i dtaca le feabhs\u00fa scileanna foghlama an aon\u00fa haois is fiche<\/p>\n<p>-R\u00f3l ionchasach na n-inni\u00falachta\u00ed agus na n-acmhainn\u00ed digiteacha i r\u00e9imse an oideachais cult\u00fair agus oidhreachta, i gcomhth\u00e9acs na foghlama san aon\u00fa haois is fiche<\/p>\n<p>-Ceisteanna taighde a thagann chun cinn maidir le hacmhainn\u00ed agus modhanna digiteacha i r\u00e9imse an oideachais cult\u00fair agus oidhreachta. Rannchuideoidh an ch\u00e9im ph\u00edol\u00f3tach (cuid d\u2019aschur O5) agus an meas\u00fan\u00fa ina dhiaidh sin (cuid d\u2019aschur intleacht\u00fail O6) le hullmh\u00fa freagra\u00ed ar na ceisteanna sin.<\/p>\n<p>-Forl\u00e9argas ar staid gn\u00f3tha\u00ed taighde maidir le hinni\u00falachta\u00ed digiteacha le haghaidh earn\u00e1il an chult\u00fair agus na hoidhreachta.<\/p>\n<p>I bhfianaise na gceisteanna sin, t\u00e1 baint ag an gcreat freisin le p\u00e1irtithe seachtracha a bhfuil taighde \u00e1 dh\u00e9anamh acu faoi chomhth\u00e1th\u00fa digiteach agus nu\u00e1la\u00edocht i r\u00e9ims\u00ed an oideachais, an oideachais cult\u00fair agus oidhreachta, agus na foghlama sa 21\u00fa haois.<\/p>\n<p>Ar dt\u00fas, d\u00e9anfaidh na comhph\u00e1irtithe go l\u00e9ir at\u00e1 ann an taighde deisce at\u00e1 ag teast\u00e1il chun an creat a chruth\u00fa. Cuimseoidh an taighde sin an m\u00e9id seo a leanas:<\/p>\n<p>-Liosta alt agus \u00e1bhar a bhaineann le foghlaim sa 21\u00ed haois a chruth\u00fa, acmhainn\u00ed digiteacha (nu\u00e1lacha) a \u00fas\u00e1id san oideachas aosach, agus san oideachas cult\u00fair agus oidhreachta, ar nithe iad a bheidh \u00fas\u00e1ideach do chomhph\u00e1irtithe eile le go mbeidh siad ullmhaithe go maith le haghaidh na gc\u00e9ad ch\u00e9imeanna eile den tionscadal.<\/p>\n<p>-Na ceisteanna a bhaili\u00fa agus a cheapadh, cuir i l\u00e1thair faoi th\u00e9ama\u00ed sonracha a ullmh\u00fa don ch\u00e9ad chruinni\u00fa trasn\u00e1isi\u00fanta de chuid an tionscadail agus staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh ar na hailt agus ar na h\u00e1bhair a bheidh molta.<\/p>\n<p>-I bhfianaise strait\u00e9is fhadt\u00e9armach na heagra\u00edochta, pl\u00e9 inmhe\u00e1nach ar leibh\u00e9al bainist\u00edochta maidir le saincheisteanna agus ceisteanna at\u00e1 oiri\u00fanach lena chur san \u00e1ireamh sa chreat.<\/p>\n<p>Ar f\u00e1il i mB\u00e9arla amh\u00e1in.<\/p>\n<p>I gceannas:  UNIROMATRE<\/p>\n<p>Rannph\u00e1irtithe: UPT, AAU, DCU, UniGraz<\/p>\n<h2><a name=\"_Toc526260587\"><\/a>O1.2  Taighde Eorpach agus Taighde N\u00e1isi\u00fanta faoi bhail\u00edocht\u00fa na hinni\u00falachta digit\u00ed<\/h2>\n<p>Leanfaidh s\u00e9 seo as staid\u00e9ar meas\u00fanachta i leith an taighde reatha faoi chleachtais oideachais i r\u00e9imse na hinni\u00falachta digit\u00ed, is \u00e9 sin le r\u00e1, an taighde \u00f3 na comhph\u00e1irtithe go l\u00e9ir, as staid\u00e9ar c\u00e1il\u00edocht\u00fail a re\u00e1cht\u00e1lfar i measc na geallsealbh\u00f3ir\u00ed cult\u00fair lena mbaineann agus as athbhreithni\u00fa bibleagrafa\u00edochta.<\/p>\n<p>Ar bhonn ch\u00falra gach gr\u00fapa foirne, is ceart sonra\u00ed a bhaili\u00fa mar chuid den staid\u00e9ar seo chun crit\u00e9ir deimhnithe c\u00e1il\u00edochta a mholadh i nd\u00e1il le hinni\u00falachta\u00ed digiteacha d\u2019aosaigh ag a bhfuil leibh\u00e9al \u00edseal scileanna digiteacha, agus is ceart na nithe seo a leanas a phl\u00e9:<\/p>\n<p>-Modhanna m\u00fainteoireachta agus meas\u00fanachta<\/p>\n<p>-\u00c1bhair agus urlis\u00ed oideola\u00edochta<\/p>\n<p>-Ionstraim\u00ed taighde<\/p>\n<p>-Aon eilimint\u00ed f\u00edorth\u00e1bhachtacha eile (lena n-\u00e1ir\u00edtear s\u00e1sra\u00ed taca\u00edochta).<\/p>\n<p>Mar thoradh ar na tascanna seo a leanas ullmh\u00f3far an fo-aschur:<\/p>\n<p>-Athbhreithni\u00fa Bibleagrafa\u00edochta ar bhail\u00edocht\u00fa na hinni\u00falachta digit\u00ed, ar thortha\u00ed reatha agus ar dheacrachta\u00ed reatha.<\/p>\n<p>-Cur s\u00edos ar na curaclaim \u00e9ags\u00fala, ar na curaclaim\/cleachtais\/strait\u00e9is\u00ed \u00e9ags\u00fala at\u00e1 forbartha ag na comhph\u00e1irtithe go l\u00e9ir.<\/p>\n<p>-Staid\u00e9ar c\u00e1il\u00edocht\u00fail faoi na geallsealbh\u00f3ir\u00ed i r\u00e9imse an chult\u00fair (ceistneoir, gr\u00fapa\u00ed f\u00f3cais)<\/p>\n<p>-Forbairt a dh\u00e9anamh ar anail\u00eds agus eangach chompar\u00e1ide i leith na gcleachtas a nd\u00e9antar cur s\u00edos orthu<\/p>\n<p>Saineoidh an staid\u00e9ar na cleachtais is fearr i dtaca le hinni\u00falachta\u00ed digiteacha a bhaint amach san earn\u00e1il chult\u00fair agus oidhreachta de r\u00e9ir mar at\u00e1 sainithe agus curtha i l\u00e1thair i staid reatha gn\u00f3tha\u00ed taighde sa r\u00e9imse seo.<\/p>\n<p>Ar f\u00e1il i mB\u00e9arla amh\u00e1in.<\/p>\n<p>I gceannas:  UNIROMATRE<\/p>\n<p>Rannph\u00e1irtithe: gach dream<\/p>\n<h2><a name=\"_Toc526260588\"><\/a>O1.3 Treoirl\u00ednte maidir le hInni\u00falachta\u00ed Digiteacha i leith Cult\u00fair<\/h2>\n<p>Leanann an fo-aschur seo go d\u00edreach as an gc\u00e9ad d\u00e1 cheann: tar \u00e9is Creat Coincheap\u00fail scileanna digiti\u00fala le haghaidh cult\u00fair agus oidhreachta agus eangach na ndea-chleachtas i leith oideachais inni\u00falachta digit\u00ed a shaini\u00fa, cruth\u00f3far na Treoirl\u00ednte maidir le hInni\u00falachta\u00ed Digiteacha i leith Cult\u00fair d\u2019fhonn an bonn teoirici\u00fail a chur ar f\u00e1il a \u00fas\u00e1idfear chun C\u00farsa Ar L\u00edne na Scileanna Digiteacha i leith Cult\u00fair a chur ar f\u00e1il sa Mhol d\u2019Fhoghlaim Fh\u00edor\u00fail (VLH) (O2) agus is ionann \u00e9 sin agus cro\u00ed-aschur an tionscadail.<\/p>\n<p>Mar thoradh ar na tascanna seo a leanas ullmh\u00f3far an fo-aschur seo:<\/p>\n<p>-Compar\u00e1id idir Creat Coincheap\u00fail na n-inni\u00falachta\u00ed digiteacha le haghaidh cult\u00fair agus oidhreachta agus anail\u00eds ar chleachtais reatha as a leanann sainaithint bearna\u00ed nach m\u00f3r aghaidh a thabhairt orthu<\/p>\n<p>-\u201cTogra tosaigh le haghaidh Treoirl\u00ednte maidir le hInni\u00falachta\u00ed Digiteacha i leith Cult\u00fair\u201d a ullmh\u00fa (dea-chleachtais agus crit\u00e9ir dheimhni\u00fach\u00e1in i nd\u00e1il le forbairt inni\u00falachta\u00ed digiteacha in earn\u00e1il an chult\u00fair agus na hoidhreachta a mh\u00e9id a bhaineann le cianoideachas ollmh\u00f3r).<\/p>\n<p>-\u201cTreoirl\u00ednte maidir le hInni\u00falachta\u00ed Digiteacha i leith Cult\u00fair\u201d a aistri\u00fa go gach teanga chomhph\u00e1irt\u00edochta ar mhaithe lena scaipeadh.<\/p>\n<p>Mar thoradh ar an obair seo, cuirfear an ch\u00e9ad dr\u00e9acht de Threoirl\u00ednte maidir le hInni\u00falachta\u00ed Digiteacha i leith Cult\u00fair ar f\u00e1il ar bhealach ina mbeidh rochtain orthu go h\u00e9asca agus ina mbeidh siad inmh\u00ednithe do phobal leathan. Tar \u00e9is an t-\u00e1bhar sin a scaipeadh gheofar aiseolas \u00f3n bpobal taighde agus d\u00e1 bharr sin beifear in ann an t-\u00e1bhar a fheabhs\u00fa agus a mh\u00ednscagadh sula scaoilfear an leagan cr\u00edochnaitheach ag deireadh O2 le go mbeifear in ann an c\u00farsa ar l\u00edne a chruth\u00fa mar chuid de O3.<\/p>\n<p>I gceannas:  UNIROMATRE<\/p>\n<p>Rannph\u00e1irtithe: gach dream<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>&#8230;<span class=\"more-link\"><a href=\"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/output-1\/\">Read More &rarr;<\/a><\/span><\/p>","protected":false},"author":5,"featured_media":1769,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"_mi_skip_tracking":false,"_monsterinsights_sitenote_active":false,"_monsterinsights_sitenote_note":"","_monsterinsights_sitenote_category":0,"footnotes":"","_wpscppro_dont_share_socialmedia":false,"_wpscppro_custom_social_share_image":0},"categories":[42,106,99],"tags":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v21.5 - https:\/\/yoast.com\/wordpress\/plugins\/seo\/ -->\n<title>Output 1 - Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture - Digital Culture - Erasmus+ European Project<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/output-1\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"en_US\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"Output 1 - Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture - Digital Culture - Erasmus+ European Project\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"...Read More &rarr;\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/output-1\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Digital Culture - Erasmus+ European Project\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/CultureDigi\" \/>\n<meta property=\"article:published_time\" content=\"2019-01-20T17:44:24+00:00\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2020-05-27T12:50:33+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/digiculture.eu\/wp-content\/uploads\/2019\/01\/binding-books-bound-272980.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"4928\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"3264\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"author\" content=\"DigiCulture\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:creator\" content=\"@elearning_upt\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@elearning_upt\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Written by\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"DigiCulture\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:label2\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data2\" content=\"7 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"Article\",\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/#article\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/\"},\"author\":{\"name\":\"DigiCulture\",\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/person\/1d9da190a16f395930c0defc1abc649d\"},\"headline\":\"Output 1 &#8211; Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture\",\"datePublished\":\"2019-01-20T17:44:24+00:00\",\"dateModified\":\"2020-05-27T12:50:33+00:00\",\"mainEntityOfPage\":{\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/\"},\"wordCount\":1451,\"commentCount\":0,\"publisher\":{\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#organization\"},\"articleSection\":[\"Latest News\",\"Output 1 - Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture\",\"Outputs\"],\"inLanguage\":\"ga\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"CommentAction\",\"name\":\"Comment\",\"target\":[\"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/#respond\"]}]},{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/\",\"url\":\"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/\",\"name\":\"Output 1 - Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture - Digital Culture - Erasmus+ European Project\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#website\"},\"datePublished\":\"2019-01-20T17:44:24+00:00\",\"dateModified\":\"2020-05-27T12:50:33+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\/\/digiculture.eu\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Output 1 &#8211; Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#website\",\"url\":\"https:\/\/digiculture.eu\/\",\"name\":\"Digital Culture - Erasmus+ European Project\",\"description\":\"Improving the Digital Competences and Social Inclusion of Adults in Creative Industries\",\"publisher\":{\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#organization\"},\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/digiculture.eu\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":\"required name=search_term_string\"}],\"inLanguage\":\"ga\"},{\"@type\":\"Organization\",\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#organization\",\"name\":\"Digiculture\",\"url\":\"https:\/\/digiculture.eu\/\",\"logo\":{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga\",\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/logo\/image\/\",\"url\":\"https:\/\/digiculture.eu\/wp-content\/uploads\/2019\/01\/Logo-Digi-Culture.png\",\"contentUrl\":\"https:\/\/digiculture.eu\/wp-content\/uploads\/2019\/01\/Logo-Digi-Culture.png\",\"width\":934,\"height\":386,\"caption\":\"Digiculture\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/logo\/image\/\"},\"sameAs\":[\"https:\/\/www.facebook.com\/CultureDigi\",\"https:\/\/twitter.com\/elearning_upt\"]},{\"@type\":\"Person\",\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/person\/1d9da190a16f395930c0defc1abc649d\",\"name\":\"DigiCulture\",\"image\":{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga\",\"@id\":\"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/person\/image\/\",\"url\":\"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/437e79a797105729bdb90a0a9148a840?s=96&d=mm&r=g\",\"contentUrl\":\"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/437e79a797105729bdb90a0a9148a840?s=96&d=mm&r=g\",\"caption\":\"DigiCulture\"},\"url\":\"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/author\/silviuvert\/\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"Output 1 - Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture - Digital Culture - Erasmus+ European Project","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/output-1\/","og_locale":"en_US","og_type":"article","og_title":"Output 1 - Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture - Digital Culture - Erasmus+ European Project","og_description":"...Read More &rarr;","og_url":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/output-1\/","og_site_name":"Digital Culture - Erasmus+ European Project","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/CultureDigi","article_published_time":"2019-01-20T17:44:24+00:00","article_modified_time":"2020-05-27T12:50:33+00:00","og_image":[{"width":4928,"height":3264,"url":"https:\/\/digiculture.eu\/wp-content\/uploads\/2019\/01\/binding-books-bound-272980.jpg","type":"image\/jpeg"}],"author":"DigiCulture","twitter_card":"summary_large_image","twitter_creator":"@elearning_upt","twitter_site":"@elearning_upt","twitter_misc":{"Written by":"DigiCulture","Est. reading time":"7 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"Article","@id":"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/#article","isPartOf":{"@id":"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/"},"author":{"name":"DigiCulture","@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/person\/1d9da190a16f395930c0defc1abc649d"},"headline":"Output 1 &#8211; Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture","datePublished":"2019-01-20T17:44:24+00:00","dateModified":"2020-05-27T12:50:33+00:00","mainEntityOfPage":{"@id":"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/"},"wordCount":1451,"commentCount":0,"publisher":{"@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#organization"},"articleSection":["Latest News","Output 1 - Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture","Outputs"],"inLanguage":"ga","potentialAction":[{"@type":"CommentAction","name":"Comment","target":["https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/#respond"]}]},{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/","url":"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/","name":"Output 1 - Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture - Digital Culture - Erasmus+ European Project","isPartOf":{"@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#website"},"datePublished":"2019-01-20T17:44:24+00:00","dateModified":"2020-05-27T12:50:33+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/digiculture.eu\/output-1\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/digiculture.eu\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Output 1 &#8211; Conceptual Guidelines for Digital Competences for Culture"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#website","url":"https:\/\/digiculture.eu\/","name":"Digital Culture - Erasmus+ European Project","description":"Improving the Digital Competences and Social Inclusion of Adults in Creative Industries","publisher":{"@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#organization"},"potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/digiculture.eu\/?s={search_term_string}"},"query-input":"required name=search_term_string"}],"inLanguage":"ga"},{"@type":"Organization","@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#organization","name":"Digiculture","url":"https:\/\/digiculture.eu\/","logo":{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga","@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/logo\/image\/","url":"https:\/\/digiculture.eu\/wp-content\/uploads\/2019\/01\/Logo-Digi-Culture.png","contentUrl":"https:\/\/digiculture.eu\/wp-content\/uploads\/2019\/01\/Logo-Digi-Culture.png","width":934,"height":386,"caption":"Digiculture"},"image":{"@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/logo\/image\/"},"sameAs":["https:\/\/www.facebook.com\/CultureDigi","https:\/\/twitter.com\/elearning_upt"]},{"@type":"Person","@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/person\/1d9da190a16f395930c0defc1abc649d","name":"DigiCulture","image":{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga","@id":"https:\/\/digiculture.eu\/#\/schema\/person\/image\/","url":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/437e79a797105729bdb90a0a9148a840?s=96&d=mm&r=g","contentUrl":"https:\/\/secure.gravatar.com\/avatar\/437e79a797105729bdb90a0a9148a840?s=96&d=mm&r=g","caption":"DigiCulture"},"url":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/author\/silviuvert\/"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/1747"}],"collection":[{"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/5"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=1747"}],"version-history":[{"count":7,"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/1747\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":2531,"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/1747\/revisions\/2531"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/1769"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=1747"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=1747"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/digiculture.eu\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=1747"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}